<-- back to homepage
Eolas
an Scéal
Fad ó shoin nuair a bhí pisreogacht, agus ealadha dhubha dá chleachtadh ins an áit seo, bhí sean bhean Gallda ina comhnuidhe i Málainn mhór agus Bell Blaine an t-ainm a bheireadh siad oirthí. Bhí fhios ag gach duine beag agus mór ins an áit go rabh "Bell" ag cleachtadh Draoidheachta agus ar an adhbhar sin bhí eagla ar na Gaill comh maith leis na Catloicigh roimh an "Cailleach Draoidheachta" seo.
Bhí na Coast Guards 'na gcomhnuidhe i Málainn mhór 'san am agus bhíodh "Bell" ag congbhailt bainne agus im leobtha gidh nach rabh aicí acht sean bhó amhain.
Maidin lá Beáltaine amhain musgladh Niall Nábla (fear de chuid na comhursan) le tarman iongantach ag na cearca 's aige amuigh 'sa bhóitheach. Bhí siad uilig ag sgolagarnaigh mar bheadh an eagla ortha: Shaoil Niall gurabh é an madadh ruadh ar a chois le sgrios a dhéanamh ar na cearca, agus d'eirigh sé, agus amach 'na bhóithigh leis. D'fhosgail sé an doras go h-an chúramach, agus nuair a d'amharc sé isteach caidé tcí sé acht gearrfiadh dubh ag diúil a bhó.
Dhruid sé an doras 'na dhiaidh agus bheir greim ar an "graip". Thug sé moran iarrachta an gearrfiadh a mharbhadh acht ní rabh gair ann. 'Sa deireadh chuir sé spíce de'n "graip" fríd a leis deiridh ag an garrún, acht le sin bheir an gearrfiadh ar láimh Néill agus b'éigean dó an greim a leigint amach.
Fuair an gearrfhiadh ar shiubhal, acht bhain sé plaic as láimh Néill, agus i gcionn tamaill thosaigh an lámh a teacht fá shileadh.
Chuaidh gáir amach gur thuit "Bell Blaine" agus gur gearradh go mór í i n-áit éigin fa'n teach 's aicí féin. Bhí duine de na comhursanaí ag amharc oirthí lá agus chonnaic sí go rabh poll mór ina leis. Ní rabh sí ábalta a cor a chuir fuithí.
Acht i dtaoibh Neill bhocht - bhí a láimh i gabhail in dáinsear gach eile lá, agus gan cumadh bisigh ar bith oirthí. B'eigean dó a ghabhail a luighe bhí se comh lag sin. 'Sa deireadh chuaidh a dheirbhsiúir annsoir an tSaghairt agus d'innis Niall an scéal dó ó thús go deireadh Léigh an Saghart ós cionn Néill agus rinne Oifige dó. Thainig biseach air i gcionn tamaill, acht níor éirigh Bell Blaine as an leabaidh go bhfuair sí bás.
Bhí daoine an bhaile de bharamhail gurabh í an gearrfiadh a bhí ag goid an bhainne, nó connaiceas an gearrfiadh ceadna go minic ó am go h-am roimh sin acht chuir Niall deireadh le na suid siubhail.
Glossary
- gearrfiadh
- =giorria
- hare
- pisreogacht
- =piseogacht
- superstitious practices (likely referring to witchcraft)
- ealadha dhubha
- =ealaín dhubh
- black arts, black magic
- gallda
- foreign; English
- draoidheacht (gs. draoidheachta)
- =draíocht
- witchcraft; Druidic art
- draoidheacht a chleachtadh, to practice witchcraft
- adhbhar
- =ábhar
- matter; subject
- agus ar an adhbhar sin, and on that matter
- congbhailt
- NB. in this context =coinneáil
- maintaining; retaining; detaining
- ag congbhailt bainne agus im leobhtha (=ag coinneáil bainne agus ime leo), retaining, saving, milk and butter for them
- gidh
- =cé3
- although
- musgladh
- =múscailt
- awakening, waking up
- musgladh Niall Nábla, Niall Nábla [was] waking up [?]
- comhursa (gs. comhursan, npl. comhursanaí)
- =comharsa[?]
- neighbour; neighbourhood
- tarman
- =tearmann[?]
- shelter; sanctuary
- tarman cearc, chicken coop[?]
- bóitheach (ds. bóithigh)
- cowhouse, byre
- NB. dative singular because of "sa"
- sgolagarnach (ds. sgolagarnaigh)
- =scolgarnach
- shouting; crowing
- NB. dative singular because of "ag"
- sgrios
- =scrios
- destruction; ruin
- sgrios a dhéanamh ar na cearca, to destroy, kill the chickens
- fosgail
- =oscail
- open
- D'f[h]osgail sé an doras, he opened the door
- tcí
- NB. in this context =tchíonn, feiceann2
- see
- caidé tcí sé acht gearrfiadh dubh, what did he see but a black hare
- diúl (ds. diúil)
- sucking, suckling
- ag diúil a bhó, suckling from his cow
- NB. dative singular because of "ag"
- greim
- grip, grasp, hold
- bheir sé greim air, he took hold of it
- graip
- (Scots) a type of iron fork - see illustration
- NB. also loaned into Irish as graeipe or graeip
- (illustration by my mum)
- iarracht (gs. iarrachta)
- attempt; (piece of) work; turn
- thug sé mórán iarrachta [vn], he tried very hard [to...]
- gair
- (In phrase) ní rabh gair ann, it was no use
- spíce
- spike, prong (of fork)
- leis
- thigh, leg, haunch
- fríd a leis deiridh, through its [the hare's] hind leg
- garrún
- [meaning unknown - if you have any information please let me know]
- leigint
- =ligean
- letting, releasing; ~ amach letting go
- an greim a leigint amach, to release one's grip upon, let go of, something
- fuair...ar shiubhal
- ar shiubhal=ar shiúl6
- "[the hare] was able to get away"
- plaic2
- mouthful, large bite
- sileadh
- dripping; hanging
- fá shileadh, [likely] hanging limply
- gáir1
- shout; report
- gearr3
- cut; wound; shorten
- gearradh go mór í, she was badly wounded
- cor
- turn, twist
- a cor a cuir fuithí, to put her trick, spell, magic, on her [?]
- i dtaoibh (taoibh = ds. taobh)
- concerning, about
- acht i dtaoibh Neill bhocht, but concerning poor Niall
- dáinsear
- =dainséar
- danger
- i gabhail in dáinsear (=ag dul i ndainséar), getting into danger; [being] at risk
- biseach (gs. bisigh)
- recovery, improvement (of health)
- gan cumadh bisigh ar bith oirthí (=gan chuma bhisigh ar bith uirthi [?]), without looking like it [was] recovering, without the look of improvement
- lag2
- weak; faint
- an tSaghairt
- =chun an tSagart
- chuaidh a dheirbhsiúir annsoir an tSaghairt (=chuaidh a dheirfiúr anoir[?] chun an tSagart), his sister went up[?] to the priest
- de bharamhail go...
- =de bharúil go...
- of the opinion that...
- bhí daoine an bhaile de bharamhail gurabh í an gearrfiadh, the townspeople were of the opinion that she was the hare
Source
- Informant
- Máire Ní Bhaoighill
- Age
- 60
- Address
- Málainn Mhóir, Contae Thír Chonaill
Schools' Collection (Volume 1046, Pages 34-35), National Folklore Collection, University College Dublin; made available under license CC-BY-NC 4.0