This calligraphy is traced from the 1911 edition, I have fixed the knotwork up as it was so small it didn't print well. NB the <u> is clearly the same as the <n> used in the uncial of e.g. the Book of Kells; evidently Gaelic Revivalists of the time were not up to scratch on their typography!
This is a story from
In the introduction,
I have known smoky cabins where literature was cherished and appreciated in a way that few except great men of letters can or do appreciate it. And I have seen wearied haymakers, after the prolonged toil of a mid-summer day, sit round in a circle while one of their number recited in Irish a Fenian lay - the "Chase of Slieve Gullion" perhaps, or "The Lay of the Great Woman." Breathless they listened, till at some turn in the narrative they broke out into a chorus of applause, or sorrow, or indignation. What impressed me then, and impresses me even more now, was the intensity of interest which they showed in these poems or stories, showing as it did a literary taste which has disappeared with the language. The reciter of these occasions has long since been robed in clay, and most of his audience too sleep beneath the sod.
Mac Róiġ, Fearġus.
Preface to Bruiḋean Ċaorṫainn. Doire Ċoluim Ċille, 1911.
Perhaps he strays into the fetishisation which has at times plagued Gaelic revivalists but the picture is clear. Although this "literary taste... has disappeared with the language", it is important to remember that the language has not disappeared; in fact I too have listened breathless to traditional storytellers both in pubs and on Zoom during lockdown! We have an obligation to preserve this tradition, both telling these old stories and creating new ones.
1. Seilg agus frioṫáileaḋ agus coṁmóraḋ le Fionn Ṁac Cuṁaill ṁic Tréanṁóir Uí Ḃaoisgne, fríd ṡléiḃtiḃ Droma Ċoilleaḋ, fríd ṡléiḃtiḃ Droma Duilleaḃair d' n-ionnsaiḋe as éadan agus (fríd) na cúigí eile mar an gcéadna.
'S iad an luċt sealga a ḃí aca Goll ṁac Móirne, Oisín ṁac Finn, Oscar ṁac Oisín, Diarmaid Ó Duiḃne, Fionn bán Ó Baoisgne, Fionn bán Ó Breatain, Clanna Diafraiġ, agus Clanna Smóil; sin an ceannṗort a ḃí orṫa an lá sin.
2. Rinne siad seilg ṁór-éifeaċtaċ naċ dtearnaḋ a leiṫid ins an tír ariaṁ. Nuair a ṫainic siad a ḃaile ins an tráṫnóna ḃí gaċ aon ḟear ag innsiġ tréarṫa a ċon agus a ġaḋair ḟéin go dtí aon ċeiṫearnaċ aṁáin a ḃí ann, nár ċuir teaċ nó áit, bean nó páisde buaiḋreaḋ ar biṫ ariaṁ air, agus smaoi'tiġ sé go n-imṫeóċaḋ sé amaċ as Éirinn go ḃfeicfeaḋ sé an raḃ spórt ar biṫ ar an doṁan a b' ḟeárr ná ḃí ag Fionn ṁac Cuṁaill, agus ag na Fiannaiḃ.
3. Fuair sé caḃlaċ ag imṫeaċt, agus d'imṫiġ sé leis go críoċaiḃ Loċlann, cá h-uair agus cá h-am go raḃ mac óg ag an ḃainríoġan, agus go raḃ teaċtairí ar ṁuin teaċtairí amuiġ ag taḃairt cuireaḋċa do gaċ uile ḋuine a ċul (= ḋul) a ċaṫaṁ na cuirme.
"Goidé an sgéal do seo," ars' an ceiṫearnaċ, "a ḃfeicim an iomad de ḋaoiniḃ fá'n ċúirt?"
"Do ḋuaḋ is do ḋoṫairne ort, a ċeiṫearnaiġ ḃradaiġ, ná naċ ḃfuil 'ḟios agat go ḃfuil mac óg ag an ḃainríoġan, agus go ḃfuil teaċtairí ar ṁuin teaċtairí amuiġ ag taḃairt cuireaḋċa do gaċ uile ḋuine ċul a ċaṫaṁ na cuirme, agus tá cuireaḋ agat-sa coṁ maiṫ le duine má ṫéiġeann tú ann."
"Ḃeirim briaṫra go raċaḋ," ars' an ceiṫearnaċ.
4. Ḃí cuirm annsin ḃí le mairstin ar feaḋ seaċt n-oiḋċe agus seaċt lá.
I gcionn lae agus i gcionn na h-aimsire d'éiriġ bollsaire 'na ṡeasaṁ agus d'iarr sé ar ġaċ uile ḋuine an ċuirm a ḋeánaṁ a ṁolaḋ nó a ḋiṫṁolaḋ.
Rinne gaċ aon duine an ċuirm a ṁolaḋ 'ar ndóiġṫe go dtí'n ceiṫearnaċ, agus níor laḃair seisean.
"A ċeiṫearnaiġ, deán an ċuirm a ṁolaḋ nó a ḋiṫṁolaḋ," ars' an bollsaire.
"Ní molaḋ mo ṁolaḋ-sa uirṫi, agus ní cáineaḋ mo ċáineaḋ-sa uirṫi, aċt is maiṫ an ċuirm í," adeir sé.
"D'iṫ mise agus d'ól mé mo ṡáiṫ uirṫi."
Ċuaiḋ an sgéal ḟad leis an ríġ.
"Ḃeirim briaṫra," ars' an rí, "go mb'ḟéidir go ḃfacaiḋ an ceiṫearnaċ rud éiġinteaċt i n-a ṡaoġal, agus gléasaigiḋ cuirm anois a ḃéas seaċt n-uaire níos feárr ná ḃí sin, a ṁairfeas go cionn lae agus bliaḋna."
5. I ndeireaḋ na cuirme sin, i gcionn lae agus na h-aimsire, d'éiriġ an bollsaire, agus d'iarr sé ar ġaċ uile ḋuine an ċuirm a ḋeánaṁ a ṁolaḋ nó a ḋiṫṁolaḋ. .
Duḃairt gaċ aon duine aca gur ḃ'í an ċuirm a b'ḟeárr d'ar ṡuiḋ siad ariaṁ aici í, go dtí an ceiṫearnaċ, agus níor laḃair sé.
"A ċeiṫearnaiġ, naċ ḃfuil tú ḋul a ḋeánaṁ na cuirma a ṁolaḋ nó a ḋiṫṁolaḋ?"
"Níl," adeir sé; "ní molaḋ mo ṁolaḋ uirṫi, agus ní cáineaḋ mo ċáineaḋ uirṫi, aċt is maiṫ an ċuirm í; d'iṫ mé agus d'ól mé mo ṡáiṫ uirṫi."
Ċuaiḋ fios ḟad leis an ríġ. Ṫainic an rí é ḟéin i láṫair.
6. "A ċeiṫearnaiġ, deán an ċuirm a ṁolaḋ nó a ḋiṫṁolaḋ," ars' an rí.
"Ní molaḋ mo ṁolaḋ uirṫi, agus ní cáineaḋ mo ċáineaḋ uirṫi, aċt is maiṫ an ċuirm í; d'iṫ mé is d'ól mé mo ṡáiṫ uirṫi," ar' seisean.
"A ċeiṫearnaiġ, deán an ċuirm a ṁolaḋ nó a aċineaḋ, nó bainfiḋ mé an ceann díot," ars' an rí.
"Bain an ceann díom," ar seisean, "ná fá'n rud adéarfainn is é an ceann a ḃainfeá díom ar scor ar biṫ."
"Rud ar biṫ," ars' an rí, "'á ḃfuil agat le ráḋ abair é, agus ní ḃainfear aon deor asat."
"'Sé an rud a ḃí agam le ráḋ gur ṁaiṫ an ċuirm í, aċt ṡaoil siḃ-se í a ḃeiṫ seaċt n-uaire níos feárr ná ṡaoil mise í a ḃeiṫ; de ḃríġ dó," adeir sé, "gur ḃ'ḟeárr liom-sa seilg aon ṁíol-ṁuiġe aṁáin ag Fionn ṁac Cuṁaill i nÉirinn, ná dá mbéaḋ sí seaċt n-uaire níos feárr ná ḃí sí."
7. "Ḃeirim briaṫra," ars' an rí, "go gcreidim-sa ṫusa go maiṫ, agus deirtear liom-sa spórt an doṁain uile go léir gur ag Fionn ṁac Cuṁaill agus aige n-a ḋream atá sé, agus is fada an lá ó ḃí dúil agam-sa ċul (=ḋul) agus a ċeann a ḃain de Ḟionn ṁac Cuṁaill, agus an mac is sine de mo ċuid a ḟágail 'na ríġ ar Éirinn, agus an ceann a ḃain de ríġ na h-Alban, agus an dara mac atá agam a ċur 'na ríġ air sin; agus Mioḋgaċ ṁac Colgna, an mac is óige agam, ḟágail ag stiúiriġeaċt na ríoġaċta seo 'mo ḋiaiḋ ḟéin, nuair a ġeóḃas mé bás."
8. Nuair a ḃí an ċiall amuiġ agus an deoċ astoiġ ċríoċnuiġ siad eadṫorṫa ḟéin go ḃfuiġeaḋ siad crúcaí móra deánta, a ċuirfeaḋ siad i ḃfastóḋ i dtaoiḃ na hÉireann, agus go dtarr'nóċaḋ siad anonn ċuig' n-a dtaoiḃ ḟéin í, go muirḃfeaḋ siad Fianna na hÉireann, agus go ndeánfaḋ siad iad a ḋiṫċeannaḋ.
Ċuaiḋ fios ḟad leis an sean-dall.
"Ṗiú!" adeir an sean-dall, "an cnuicín beag is luġa i nÉirinn ní ṫiuḃraḋ siḃ anall ar an dóiġ sin é. Aċt má tá dúil agaiḃ a mbuaiḋ 'ḟáġail gléasaigiḋ caḃlaiġ ar ṁuin caḃlaiġ, agus gaḃaigiḋ anonn. Cuirigiḋ teaċtaire go dtí Fionn ṁac Cuṁaill; fiafraiġigiḋ dó c'aca is feárr leis troid agus bruiġean a ṫaḃairt dóiḃ, nó é luiġe faoi ċíos láiṁe."
9. Rinneaḋ seo, agus bliaḋain ó'n am sin ḃí siad fá ṫír ṫiar i gCill Eala. Ċuir siad teaċtaire suas ċuig Fionn, ag fiafraiġe dó cia h-aca b'ḟeárr leis troid agus bruiġean a ṫaḃairt dóḃṫa, nó é luiġe faoi ċíos láiṁe. Ċuir Fionn teaċtaireaċt síos ċuca nár luiġ seisean faoi ċíos láiṁe ag aon ḟear ariaṁ, agus go dtaḃraḋ sé tréan troda agus bruiġne dóḃṫa go dtí go muirḃfiḋe é ḟéin agus a ċuid fear.
Ċuaiḋ deireaḋ na ḃFiann síos 'un na tráġa agus ṫoisiġ (=ṫosaiġ) an caṫ dairíriḃ. Aċt le sgéal fada a ḋeánaṁ goirid ní raḃ aon ċleite nó cluiṁ (=clúṁ) dá dtainic as críoċaiḃ Loċlann naċ ndearna siad a ṁarḃaḋ agus a ḋiṫċeannaḋ go dtí'n Mioḋgaċ ṁac Colgna, an mac is óige a ḃí ag an ríġ, agus ḃí Conán ṁac Móirne agus a ċlaiḋeaṁ leagṫa eadar a ḋá ġualainn, agus ní ḟuair sé é a ċur fríd go dtí gur ċaiṫ sé é ḟéin ar a ḋá ġlúin ag cosaiḃ an ríoġ.
"Tá mé ag iarraiḋ cumraiġe m'anama ort, a Ḟinn ṁic Ċuṁaill," ars' an Mioḋgaċ ṁac Colgna, "ná ċuala mé nár eitiġ tú mac ríoġ ariaṁ fá ċumraiġe a anama."
"Níor eitiġ," arsa Fionn, "ó's mac ríoġ atá ionnat ní ḃainfear aon deor asat. Fóil, fóil, a Ċonáin, ná bain do'n ġruagaċ."
Ḃí sé aca ansin mar ḟear aca ḟéin ar feaḋ seaċt mbliaḋna.
10. I gcionn faċ aon seaċtṁaḋ bliaḋain ins an t-sean-am ṫiocfaḋ ceo fá ġeasaiḃ droma draoiḋeaċta agus seaċrán sealg, agus ṫainic ceann aca sin, agus níos fágaḋ aon ċleite nó cluiṁ le ċéile d' Ḟiannaiḃ Éireann aċt Fionn agus Conán.
Ḃí siad ag siuḃal le ċéile go raḃ neóin ḃeag agus deireaḋ an lae ann. Nuair a ḃí 's d'éis tráṫnóna ann laḃair Fionn le Conán. "A ṫiġearna! Is tú an droċ-ċomrádaiḋe," adeir sé; "tá tú ag siuḃal liom ó ṁaidin agus níor laḃair tú focal, agus ḃí mise mar an gcéadna leat, leisg oiread de ṡásaṁ a ṫaḃairt duit."
11. "Fóil, fóil, a Ḟinn, ná bí i n-a ḋiaiḋ orm, ná ḃí mé ar mo smaoi'tiuġaḋ."
"Ḃeirim briaṫra," arsa Fionn, "go ḃfuil dúil agam gur maiṫ do smaoi'tiuġaḋ: goidé an smaoi'tiuġaḋ a raḃ tú air?"
"Tá," adeir Conán, "is é an smaoi'tiuġaḋ a raḃ mé air, an Mioḋgaċ ṁac Colgna, ar ṁarḃ tusa a aṫair, a ṡean-aṫair, a ṡliġe agus a ṡinnsear, dá mbéaḋ sé ag siuḃal leat indiú in m'áit-se mur treise leat ná leis go n-imeallfaḋ cúl cnáiṁ do ċinn bás an iomláin."
"Ḃeirim briaṫra," arsa Fionn, "gur fíor duit, agus gléas báis ar biṫ ar mian leat-sa ċur ar an Mioḋgaċ go gcuirfiḋ sinne air é."
"Maise," deir Conán, "ní móran clú dúinne bás an Ṁioḋgaiġ a ḃeiṫ orainn, aċt ḃí mé ag smaoi'tiuġaḋ cúige d' Éirinn a ṫaḃairt dó, mar ċongnaṁ beaṫa, agus a ḃeiṫ réiḋtiġṫe leis níos mó."
"Ḃeirim briaṫra," arsa Fionn, "go ndeánfamuid sin, aċt goidé an dóiġ a gcruinneóċmuid na fir agus gan aon ḟear le ċéile aċt tusa agus mise?"
"Is maiṫ eolaċ mise ar an dóiġ a gcruinniġeann tú iad. Seinn an dórd Fianna agus béiḋ siad uilig cruinniġṫe agat roiṁ an ṁeaḋon lae i mbáraċ."
12. Rinne Fionn mar aduḃairt sé, agus ḃí siad ag cruinniuġaḋ 'na gcaogadaiḃ agus 'na leaṫ-ċaogadaiḃ go dtí go raḃ an t-iomlán cruinn roiṁ an ṁeaḋon lae, lá ar n-a ḃáraċ.
Ċuaiḋ sgéal fríd na fearaiḃ ag innsiġ dóḃṫa goidé duḃairt Conán, agus duḃairt gaċ aon aca gur ḃ'ḟíor do Ċonán a ċaint.
Sgairt Fionn ṁac Cuṁaill i láṫair ar Ṁioḋgaċ ṁac Colgna.
"A Ṁioḋgaiġ ṁic Ċolgna," adeir sé, "is buaiḋearṫa trioblóideaċ mar tá seo agat, [ag] seilg fríd ċnocaiḃ agus mullaiġiḃ, fliuċ, báiḋte, agus ní hé sin a ċleaċt tú ag d'aṫair ḟéin ariaṁ fá ḃaile. Agus ḃí mé ag smaoi'tiuġaḋ cúige d'Éirinn a ṫaḃairt duit mar ċongnaṁ beaṫa, agus go mbéaḋ sé i ḃfad níos sócaṁlaiġe agat."
13. Ṫug an Mioḋgaċ buiḋeaċas mó d'Ḟionn, agus duḃairt sé go raḃ sé iongantaċ sásta ar fad, aċt gur ṁaiṫ leis fios a ḃeiṫ aige cá h-áit a ḃfuiġeaḋ sé an talaṁ sin.
Duḃairt Fionn leis go ḃfuiġeaḋ sé a roġa ar an taoiḃ ṫall ná taoiḃ i ḃfus de'n Ḃóinn.
"Raċamuid go ḃfeicfimid an talaṁ," ars' an Mioḋgaċ ṁac Colgna. Smaoi'tiġ sé i n-a intinn ḟéin dá dtiocfaḋ sé ṫart ins an t-saoġal go dtiocfaḋ leis sásaṁ a ḃaint as Fiannaiḃ Éireann, gur ḃ'ḟeárr an cuan soiṫeaċ a ḃí ar an taoiḃ ṫall.
"Ó," adeir sé, "taḃair a roġa do'n ḃadaċ agus glacfaiḋ sé an díoġ' (=díoġa): béiḋ an taoḃ ṫall agam," adeir sé.
"Maiṫ go leor," arsa Fionn. "Maise," adeir sé, "slan agat, a Ḟinn ṁic Ċuṁaill."
"Maise," adeir Fionn, "go seaċt soirḃiġe an Rí duit."
D'imṫiġ sé uaṫa agus ní ḟacaiḋ siad é ní ba ṁó.
14. I gcionn an lae agus na haimsire ṫainic ceo fá ġeasaiḃ droma draoiḋeaċta agus seaċrán sealg, agus níor fágaḋ aon ċleite nó cluiṁ le ċeile d'Ḟiannaiḃ Éireann aċt Fionn agus Conán. Ḃí siad ag siuḃal le ċéile go dtainic neóin ḃeag agus deireaḋ an lae orṫa. D'aṁarc Fionn, agus ċonnaic sé fear ag tarraingt air sin an ċeo.
"'Siud fear ag tarraingt orainn," adeir sé, "agus má's ag teaċt a ċuidiuġaḋ linn atá sé is feárrde dúinn é, agus má's i n-ar n-éadan atá sé is misde dúinn é."
"Oċ, do ḋuaḋ is do ḋoṫairne ort," aduḃairt Conán, "ná naċ h-olc an ḃeirt naċ raċaḋ aca ar aon ḟear aṁáin?"
"Is fíor sin," aduḃairt Fionn, "aċt níl dóiġ air biṫ as feárr a mbéiḋ 'ḟios againn air ná muid (=sinn), aṁarc fríd ar méaraiḃ."
Ḃí 'ḟios ag Fionn go raḃ an ḃuaiḋ sin ag Conán, lá air biṫ a d'aṁarcfaḋ sé fríd a ṁéaraiḃ go ḃfuiġeaḋ sé buaiḋ ar ṡeaċt gcaṫa na Féinne go h-uile.
D'aṁarc siad fríd a méaraiḃ, agus ní ḟacaiḋ siad aċt aon ḟear aṁáin.
15. Níor ḃ'ḟada gur ġluais ċuca an gruagaċ donn deallruiġṫeaċ, cóta gearr glas fá ṁeall a ṁásaí, agus a ṡean-sgiaṫ ṁeirgeaċ leis ar ḃacán a láiṁe agus ḃí a ċlaiḋeaṁ úr, soillseaċ, croċtaí (=croċta) le n-a ṫaoiḃ.
Ḃeannuiġ sé d'Ḟionn ṁac Cuṁaill ins na briaṫraiḃ a ḃí coitċionnta 'san am sin, agus d'ḟreagair Fionn é mar an gcéadna.
"Cá ḃfuil do ṫriall, an misde díom a ḟiafraiġe?" arsa Fionn.
"Ní misde, maise, leóga," adeir sé, "tá mé air lorg maiġistir. Ċualaiḋ mé nár eitiġ tusa aon ḟear ariaṁ fá ṫuarasdál bliaḋna."
"Níor eitiġ," arsa Fionn, "agus ní raḃ mé i n-anás buaċalla ariaṁ coṁ mór agus tá mé, de ḃríġ dó naċ ḃfuil aon ḟear le ċéile aċt mé ḟéin agus Conán annseo."
"Fóil, fóil," arsa Conán, "ná deán níos mó cainte leis an ġruagaċ."
"Cad uime sin?" arsa Fionn.
"Ná naċ n-aiṫniġeann tú mise agus Oscar, agus Oisín, agus Diarmaid, agus Fiaċna ṁac Ḟinn, agus Inse ṁac Suiḃne Ṡealg'?"
"Cad ċuige naċ n-aiṫneóċainn mo ḃunaḋ ḟéin?" arsa Fionn.
"Cad ċuige naċ n-aiṫniġeann tú an Mioḋgaċ ṁac Colgna a ċaiṫ seaċt mbliaḋna ar d' urlár?"
16. "Do ḋuaḋ is do ḋoṫairne ort," arsa an Mioḋgaċ; "naċ seo an t-áḋḃar a raḃ mé duit ariaṁ, a Ċonáin, naċ raḃ foiġid ar biṫ agat. Ċa dtiocfaḋ leat a ḃeiṫ in do ṫost go mbainfinn tamall cuideaċta amaċ as Fionn annseo." "Ḃeirim briaṫra, maise," arsa Conán, "má's mó cuideaċta ba ċóir dó a ḋeánaṁ leat nó mío-ċuideaċta. Ba í do ċuideaċta-sa ḟéin a ċuideaċta gan suim. Tá sé seaċt mbliaḋna agus an t-am seo ó ṫug sinne cúige d' Éirinn, mar ċongnaṁ beaṫa duit, agus ní ṫearn muid (=sinn) oiread agus seilg aon ṁíol-ṁuiġe aṁáin ar do ċuid talaiṁ, leisg an oiread sin trioblóide nó buaiḋearṫa a ṫaḃairt duit. Agus ní ṫug tú ó ṡoin cuireaḋ míosa, cuireaḋ seaċtṁaine, nó cuireaḋ lae dúinn."
"Do ḋuaḋ is do ḋoṫairne ort," ars' an Ṁioḋgaċ "naċ seo an t-áḋḃar a raḃ mé duit ariaṁ, naċ raḃ foiġid ar biṫ agat, ná naċ raḃ 'ḟios agat nuair a ċuaiḋ mise annsiud go raḃ mé beó boċt, agus naċ raḃ bealaċ ró-ṁaiṫ orm. Aċt anois, nuair a fuair me os a ċionn, tá mé 'teaċt le cuireaḋ ċugaiḃ go léir go cionn lae agus bliaḋna."
"Ḃeirim briaṫra," arsa Conán, "gur mór an gar anois ḟéin é, ó ṫarlaiḋ gur smaoi'tiġ tú air."
"Is buaiḋearṫa trioblóideaċ mar tá sin agam-sa," arsa Fionn, "gan cleite no cluiṁ le ċéile d' Ḟiannaiḃ Éireann aċt mé ḟéin agus Conán annseo."
"Is maiṫ eolaċ mise," ar sé, "ar an dóiġ ag cruinniġeann tú iad [cor. a ċruinniġeas tú iad?]. Seinn an dórd Fianna, agus béiḋ siad uilig cruinn agat roiṁ an ṁeaḋon lae i mbáraċ."
17. Ṡeinn siad an dórd Fianna, agus ḃí siad ag cruinniuġaḋ 'na gcaogadaiḃ agus i n-a leaṫ-ċaogadaiḃ go dtí go raḃ an t-iomlán cruinn roiṁ an ṁeaḋon lae lá ar na ḃáraċ.
Ċuir Fionn sgéala fríd na fearaiḃ ag innsiġ dóḃṫa goidé mar ḃí, agus ḃí gaċ aon aca sásta go maiṫ ar a ċul (=ḋul) a ċaṫaṁ na cuirme.
"Anois," ars' an Mioḋgaċ, "ná fanaḋ fear ar biṫ, ná níl 'ḟios agam-sa cé a ḃfuil mé níos feárr dó nó níos measa, de ḃríġ dó, go raḃ siad uilig coṁ maiṫ daṁ. Anois," adeir sé, "tá bruiḋean agam-sa ar muir, agus tá bruiḋean agam ar tír, agus ins an ḃruiḋin atá ar muir a ġléastar an biaḋ, agus ins an ḃruiḋin atá ar tír a ċaiṫtear é. Má's luaiṫe ḃéas mise annsin ná [ḃéas] siḃse béiḋ an biaḋ leagṫa agam fá mbur gcoinne, agus má's luaiṫe ḃéas siḃse ann ná [ḃéas] mise deánaigiḋ moill, agus is gearr go raḃ mise agaiḃ."
"Maiṫ go leor," aduḃairt Fionn, "bí ar ṡiuḃal."
18. Ġléas na Fianna orṫa tarraingt ['un]na cuirme. Nuair a ċuaiḋ siad ḟad le teaċ na cuirme, "'Ḃfuil siḃ uilig ag dul isteaċ?" arsa Conán.
"Tá, goidé a ḃéaḋ orainn gan a ċul (=ḋul) isteaċ," arsa Fionn.
"Ḃeirim briaṫra, maise, má's mar sin a ḋeánfainn-se," arsa Conán.
"Goidé ḋeánfá, ṫusa, a Ċonáin?" arsa Fionn.
"Maise, an Mioḋgaċ ṁac Colgna," arsa Conán, "ar ṁarḃ tusa a aṫair, a ṡean-aṫair, a ṡliġe, agus a sinsear, b'ḟéidir gur bruiḋean ḟola agus dún marḃṫa a tá innti seo, agus sílim-sa gur ḃ'ḟeárr do ċuid de na fearaiḃ a ċul (=ḋul) go h-Alṁain Laiġean agus a ċoiṁeád dúinn go lá."
"Ḃeirim briaṫra, a Ċonáin, gur fíor duit," arsa Fionn.
19. Ċuir Fionn sgéala fríd na fearaiḃ ag innsiġ dóḃṫa goidé duḃairt Conán, agus duḃairt gaċ aon aca gur ḃ'ḟíor do Ċonán a ċaint.
"Anois cé ġeoḃasmuid a raċas ann?" [arsa Fionn].
"Raċaiḋ mise," arsa Oisín.
"Raċaiḋ mise," arsa Oscar.
"Raċaiḋ mise," arsa Fiaċna ṁac Finn.
"Raċaiḋ mise," arsa Inse ṁac Suiḃne Ṡealg.
"Raċaiḋ mise," arsa Diarmuid Ua Duiḃne.
"Raċaiḋ mise," arsa Faṫa Canann ṁac na Cuin.
"'Ḃfuil duine ar biṫ ag dul aċt iad siud," [arsa Fionn].
Ní raḃ : níor laḃair duine ar biṫ eile.
"A Ċonáin, naċ ḃfuil tú ag dul leóḃṫa?" arsa Fionn.
"Ḃearad ḟéin briaṫra má tá," arsa Conán.
"Agus ċan eaḋ naċ raċainn, aċt mur raḃ an ċuirm in mo ṡásaṁ go dtí go ndeánfaiḋ mé í diṫ-ċáinte."
20. Ċuaiḋ siad go h-uile isteaċ i dteaċ na cuirme. [cor. ,?] aċt an seisear a ċuaiḋ go dtí Alṁain Laiġean. Ar a ċul isteaċ dóḃṫa ḃí seaċt ndoirse ar an ḃruiḋin sin, a ḃfuiġeaḋ seaċt gcaṫa na Féinne isteaċ ar an doras aṁáin aca.
Ḃí toirt Ṫeaṁraċ teineaḋ faduiġṫe i gceart lár na bruiḋne, a ḃfuiġeaḋ seaċt gcaṫa na Féinne cead suiḋe go h-uile fá dtaoiḃ duiṫe.
Ḃí brat de ṡíoda ṡleaṁain ḃuiḋe sreaṫnuiġṫe i n-urlár na bruiḋne le sasaṁ cuirp agus codlata a ṫaḃairt do'n té a raḃ an t-éadaċ fliuċ ó'n lá air, a ḃaint de, agus a ċroiceann a leigint leis an tsíoda ṡleaṁain ḃuiḋe. Ní raḃ aon ṁaide ins an ḃruiḋin naċ raḃ (ag) taḃairt báirr deise agus deilḃe ar an ṁaide eile.
21. Luiġ siad ṫart, agus ṫuit siad uilig 'na gcodlaḋ. Níor ḃfada gur ṁusgail fear aṁáin aca, agus duḃairt sé, "A ḟeara, (=ḟir) 'tċím-sa aṫruġaḋ mór ag teaċt ar an ḃruiḋin seo. Ag teaċt isteaċ dúinn anoċt ḃí seaċt ndoirse ar an ḃruiḋin seo, a ḃfuiġeaḋ seaċt gcaṫa na Féinne isteaċ ar gaċ aon doras aca, agus anois níl uirṫi aċt aon ṗoll beag aṁáin, ar an dtaoiḃ ó ṫuaiḋ, a mbéaḋ obair agam ḟéin 'ḟáġail amaċ air."
"Ḃeirim briaṫra," arsa fear eile, "go ḃfeicim aṫruġaḋ coṁ mór leis sin. Ag teaċt isteaċ dúinn annseo anoċt ḃí toirt Ṫeaṁraċ teineaḋ faduiġṫe i gceart lár na bruiḋne, a ḃfuiġeaḋ seaċt gcaṫa na Féinne fá dtaoiḃ dí, agus anois níl uirṫi aċt trí ḟód spadair."
"Ḃeirim briaṫra," arsa fear eile, "go ḃfeicimsa aṫruġaḋ coṁ mór leis sin. (Ag) teaċt isteaċ dúinn annseo anoċt ḃí brat de ṡíoda ṡleaṁain ḃuiḋe sreaṫnuiġṫe ar urlár na bruiḋne, agus anois ní fuaire 'ná an leac oiḋre gaċ ball de mo ḃallaiḃ dá mbaineann leis an urlár ḟuar."
"Ḃeirim briaṫra," arsa fear eile, "go ḃfeicim-sa aṫruġaḋ coṁ mor le ceaċtar aca. (Ag) teaċt isteaċ dúinn annse anoċt ní raḃ aon ṁaide ins an ḃruiḋin naċ raḃ ag taḃairt báirr deise agus deilḃe ar an ṁaide eile, agus anois níl sí aċ ceangailte le sean-ċleaṫaċaiḃ duḃa caorṫainn."
22. "Is fíor é," arsa gaċ aon ḟear.
"Bruiḋean ḟola agus dúnṁarḃṫa atá annti. Láṁ luaṫ láṁ ṫapaiḋ : fáġaiḋ mur gcuid airm agus mur gcuid éidiḋ ; gearraigiḋ an ḃruiḋean ar an taoiḃ agus bígiḋ amuiġ."
Ṫug gaċ aon ḟear láṁ luaṫ láṁ ṫapaiḋ fá n-a ċuid airm agus a ċuid éidiḋ ; aċt i n-áit mar ḃí sin dó, ḃí siad-san cúl-ċeangailte do'n talaṁ.
Leig gaċ aon ḟear aca grág mór caointe as. "Is náir daṁ-sa gol," arsa Goll : "tá mé fá ḟad buille do'n doras, agus ní leigfiḋ mé aon ḟear isteaċ gan a ḋeánaṁ a ḋiṫċeannaḋ go dtí go ḃfuiġ' mé bás de'n ocras."
Annsin laḃair Conán : "ná deán ṫusa mar sin, aċt (a Ḟinn ṁic Ċuṁaill), cuir do órdóg fá do ḟiacail, can fíor agus na deán bréag, agus aiṫris dúinn goidé tá le héirġe dúinn faoi ṁaidin."
23. Ċuir Fionn an órdóg fá n-a ġiall ; ċogain sé í ó ḟeóil go fuil, ó ḟuil go snáṁ, ó ċnáṁ go smior, agus ó smior go smaois. Ag cognaḋ na h-órdóige dó leig sé grág mór caointe as.
"Tá dúil agam," arsa Conán, "gur aon de na deaġ-laḃarṫa atá ionnam, gurab é niṁnideas (=niṁneaċas) do ṁéir a ḃeir ort a léiṫid de ġrág do ċur asat."
"Ḃeirim briaṫra, má 's é," arsa Fionn. "Cé gur mór a ċuirfeaḋ sé orm lá de mo ṡaoġal m'órdóg a ċognaḋ is beag a ċuirfeaḋ sé orm anoċt, de ḃríġ dó go mbéiḋmíd uilig gan ċeann faoi ṁaidin."
24. "Cad uime sin?" arsa Conán.
"Tá," arsa Fionn, "an Mioḋgaċ ṁac Colgna, ar ṁarḃ sinn a aṫair, a ṡean-aṫair, a ṡliġe agus a ṡinnsear, tá sé annsiúd, a ċúig céad déag fear leis leis na cinn a ḃainnt duínne.
Tá Corran Caṫ-Ṁíliḋ Láṁ-ġaisgiḋeaċ ṁac an Doṁain, agus cúig céad déag fear leis, leis na cinn a ḃaint duínne.
Tá Rí an Doṁain ann, agus deiċ míle ḟiċead fear leis, leis na cinn a ḃaint duínne.
Tá mac Ríoġ an Doṁain ann, agus cúig céad déag fear leis, leis na cinn a ḃainn duínne.
Tá trí rí Inse Tuile ann, agus cúig céad déag fear le gaċ aon ḟear aca, leis na cinn a ḃaint duínne.
Is iad-san a ċeangail inn annseo le pisreógaíḃ agus le draoiḋeaċt, agus a Ċonáin ṁic Móirne," ar sé, "an lá ba treise ḃí sinne i n-Alṁain Laiġean ariaṁ ar sáiṫ ḃearfaḋ sé ḋúinn sin a ḋeánaṁ ċan é aṁáin anoċt, nuair atámuid cúl-ċeangailte do'n talaṁ."
"Ḃeirim briaṫra," arsa Conán, "dá mbéaḋ sinne sgaoilte, gur beag dá ḃárr a ḃéaḋ aca."
"Ḃfuil ḟios agat," arsa Conán, "goidé ḋeánfas tú a Ḟinn? Seinn an Dórd Fianna, agus an seisear atá i n-Alṁain Laiġean b'ḟéidir go gcluinfeaḋ siad é agus go gcoiṁeádfaḋ siad ḋúinn go dtí go dtarfaḋ an lá i mbáraċ; ná ba ḃeag a b'ḟiú liomsa mé a ṁarḃaḋ ins a' lá le taoiḃ mé a ṁarḃaḋ ins an oiḋċe."
25. Annsin ṡeinn siad an Dórd Fianna, agus ċualaiḋ an seisear a ḃí i n-Alṁain Laiġean iad.
"A ṫíġearna!" arsa Faṫa Canann, "is mise an duine mío-ḟortunaċ nuair a ṫainic mé annseo anoċt: tá siad anois ag seinm an Dóird Fianna le spóirt agus le pléisiúr dóḃṫa ḟéin, i ndiaiḋ a sáiṫ a iṫe is a ól."
"Níl 'ḟios agam," adeir Oisín, "goidé déarfainn-se fá dtaoiḃ de sin. Tá mé iongantaċ buaiḋearṫa in m'intinn, agus ní ḃéiḋ suaiṁneas agam go dtí go ḃfáġa' mé beirt agaiḃ a ḃearas sgéala ċugam goidé mar tá siad ag dul ar aġaiḋ annsin. Cé a ġeoḃas mé a raċas ann agus a ḃearas sgéala ċugam?"
"Ġeoḃaiḋ tú mise," arsa Fiaċna ṁac Finn.
"Ġeoḃaiḋ tú mise," arsa Inse ṁac Suiḃne Ṡealg.
"Mo ḃeannaċt liḃ," arsa Oisín, "agus bígiḋ ar ṡiuḃal."
26. Nuair a ṫainic siad go Bruiḋin Ċaorṫainn ṁoṫuiġ Fionn truisleaḋ amuiġ.
"Cé siud atá amuiġ?" ar seisean.
"Mise, Fiaċna ṁac Ḟinn, do ṁac."
"Ḃeirim buaiḋ agus biseaċ a ṁic, gur ḃeag mo ċuid d'Éirinn gur éiriġ mo ċlann, agus anois is mór mo ċuid d'Éirinn ó d'éiriġ mo ċlann. Bí ar ṡiuḃal go broinn an áṫa, agus is gearr go ḃfeicfiḋ tú drong ag teaċt leis na cinn a ḃaint duínne."
"Goidé an ċiall as sin siḃ-se a ḃeiṫ istoiġ annsin?" (arsa Fiaċna ṁac Finn), agus d'innis Fionn dó mar ṫarlaiḋ dóḃṫa.
27. D'imṫiġ sé ḟéin agus Inse ṁac Suiḃne Ṡealg' go broinn an áṫa.
"Anois," adeir sé, "fan ṫusa annseo go dtéiḋ mise go Bruiḋin an Oileain, go dtí go ḃfeicfiḋ mé goidé an gléas báis atá dúil aca a ċur ar m'aṫair, agus ná leig ṫusa fear ar biṫ ṫarad annseo gan a ḋéanaṁ a ḋiṫċeannaḋ go dtí go dtara mise aríst."
Ċuaiḋ sé go teaċ na cuirme ċuca, agus rinne sé é ḟéin coṁ beag is ṫainic leis, agus ḃí sé ag éisteaċt leó.
"A ṫiġearna!" adeir an Mioḋgaċ ṁac Colgna, is fada atá Corran Caṫ-Ṁíliḋ, láṁ-ġaisgiḋeaċ ṁac an Doṁain amuiġ gan cinn Ḟinn ṁic Ċuṁaill agus a ḋreama a ṫaḃairt ċugainn. Aċt is ag éisteaċt le sean-ċoraiḋeaċt Ḟinn ṁac Ċuṁaill atá sé, cé gur maiṫ an sean-ṁadaḋ é [de] ġeall ar tamallt de'n oiḋċe ċur ṫart. Aċt dá muirḃfeaḋ sé a aṫair agus a ṡean-aṫair, a ṡliġe agus a ṡinnsear, is beag éisteaċt a ḋeanfaḋ sé le n-a ċuid sean-ċoraiḋeaċt. Aċt caiṫfiḋ mé ḟéin agus mo ċúig ċéad déag fear a ċul go dtugamuid linn na cinn.
28. D'aiṫin annsin Fiaċna ṁac Finn go dtearn sé ḟéin failliġe. Léim sé amaċ agus as go bráṫ leis. Níor ḃfada a ċuaiḋ sé gur casaḋ an fear mór dó.
"Cá raḃ tú a ġiolla ṁóir?" arsa Fiaċna.
"Ḃeirim briaṫra," ar seisean, "go raḃ mé i mullaċ na mío-ḟortuine, mé ḟéin agus mo ċúig ċéad déag fear ċul amaċ anoċt i dtús an tsluaiġ, agus gur casaḋ an caol-ógánaċ beag aṁáin orm ṫíos adaiḋ, agus ṫuit mo ċúig ċéad déag fear leis."
"Cad ċuige nár ṫuit tú féin leis?"
"Tá áḋḃar maiṫ," ar seisean.
"Dá dtiocfainn air i dtús an tsluaiġ ṫuitfinn leis coṁ maiṫ le fear éiġinteaċt eile, aċt ṫainic mé air i ndeireaḋ an tsluaiġ nuair a ḃí sé imḋeargṫa agus gan aige aċt lán a ḋoirn de ḃrollaċ a sgéiṫe, agus mar ba mé láṁ-ġaisgiḋeaċ ṁac an Doṁain ḃain mé an ceann de.
29. "Ba ḋóiċṫe liom dá mbainfeá an ceann de go mbéaḋ cuid éiġinteaċt dá ċúig ċosaṁlaċt leat," arsa Fiaċna ṁac Finn.
"Ní ṫig liom cosaṁlaċt ar biṫ a ḃeiṫ liom níos mó ná an ceann," ars' an fear mór, ag tarraingt aniar an ċinn agus 'gá ṫai'seann dó, agus nuair a ċonnaic Fiaċna ceann a ċomrádaiḋe líon na súile air.
"Ċan ḟuil 'ḟios agat cé 'ḃfuil tú ag tais'eann a ċinn dó," arsa Fiaċna ṁac Finn.
"Ċan ḟuil ḟios agam," adeir an fear mór. "Naċ do ḋream i mbruiḋin an oileáin ṫú?"
"Ḃeirim briaṫra má 's eaḋ," arsa Fiaċna ṁac Finn, "aċt de ḋream Ḟinn ṁic Ċuṁaill mé," ar seisean "agus mur treise leat nó liom imeallfaiḋ cúl cnáṁ do ċinn bás mo ċomrádaiḋe."
Ṫoisiġ an caṫ eadar é ḟéin agus an fear mór agus ċar ḃfada gur ḃain Fiaċna ṁac Finn an ceann de. Ċuir sé a ċlaiḋeaṁ i ḃfastóḋ i dtaoiḃ an leacan, agus níor stad sé go raḃ sé ag Bruiḋin Ċaorṫainn.
30. "Cé siud amuiġ?" arsa Fionn.
"Mise Fiaċna ṁac Finn, do ṁac."
"Cé siud," arsa Fionn, "a gcuala mé gáir na mbaḋḃḋún os cionn an ċuain, agus osnaḋ na ḃfear, ag sgara'int a n-anama leis an ċorp?"
"Tá, do ḋalta is mó ṫug é," arsa Fiaċna ṁac Finn.
"Goidé mar tá mo ḋalta ḋá ċionn?" arsa Fionn.
"Tá, gan anam," arsa Fiaċna ṁac Finn.
"Ḃeirim buaiḋ agus biseaċ," arsa Fionn, "cé gur mór a ċuirfeaḋ sin orainne lá d'ár saoġal is beag a ċuirfiḋ sé orainn anoċt, de ḃríġ go mbéiḋ an t-iomlán againn gan ċionn faoi ṁaidin. Agus imṫiġ anois go broinn an áṫa, agus is gearr go ḃfeicfiḋ tú drong ag teaċt níos tréine ná iad sin, leis na cinn a ḃaint duínne."
31. D'imṫiġ sé go broinn an áṫa, agus ag ḋul annsin dó ḃí an Mioḋgaċ ṁac Colgna taoḃ ṫall de'n deán agus a ċúig ċéad déag fear ḟéin leis.
"Ná tarraigiḋ níos faide," arsa Fiaċna ṁac Finn.
"Cé siud?" ars' an Mioḋgaċ, "a gcluinim a ġlór borb, agus a ḃfeicim ins na léinti' dearga?"
"Is maiṫ an ḟiafraiġe," arsa Fiaċna ṁac Finn, "aċt an té ġeoḃṫar 'na ṡeasaṁ os cionn a ġníoṁ' ar ċúl ċnáṁ a ċinn ḟéin is cóir é a ḋíolt as."
"Is fíor é," ars' an Mioḋgaċ: "gearraigiḋ an t-áṫ ar an rógaire, agus taḃairigiḋ anall a ċeann ċugam."
Ní eagla nó uaṫḃás a ġlac Fiaċna ṁac Finn roṁpa, aċt teannaḋ i n-a n-éadan agus i n-a n-aircis. Ṫoisiġ sé orṫa go h-ainḃfiosaċ láidir.
Ṡuiḋ an Mioḋgaċ 'ac Colgna ar ardán ag coiṁeád air, go raḃ deireaḋ marḃ aige go dtí é ḟéin.
"Is buaiḋearṫa trioblóideaċ seo," arsa mac an ríoġ: "dá dtiocfá orm-sa i dtús an tsluaiġ ní ḃéaḋ beann ar biṫ agam ort aċt oiread le fear éiġinteaċt eile aca seo. Aċt anois tá tú ag teaċt orm nuair atá mé imḋearġta, agus gan agam aċt lán mo ḋoirn de ḃrollaċ mo sgeiṫe."
"Ḃí 'ḟios agamsa sin lán go maiṫ," ars' an Mioḋgaċ.
32. Ins an am seo an ceaṫrar a ḃí i n-Alṁain Laiġean duḃairt Oisín leóḃṫa gur ṁaiṫ leis go raċaḋ beirt aca go Bruiḋin Ċaorṫainn agus sgéala a ṫaḃairt ċuige goidé mar ṫarlaiḋ dóḃṫa.
"Cé ġeoḃas mé a raċas ann?" arsa seisean.
"Cé ġeoḃṫá," arsa Diarmaid, "aċt mise agus Oscar?"
"Aċt i n-a ḋiaiḋ sin is uilig," ar seisean, "ní ḟóġnóċaḋ sé daṁ-sa Oscar a ṫaḃairt uait agus tusa 'ḟágáil i muiniġin Faṫa Canann; aċt is feárr liom Faṫa Canann a ṫeaċt liom ná tusa a ḟágáilt i n-a ṁuiniġin."
33. D'imṫiġ sé ḟéin agus Faṫa Canann annsin, agus duḃairt se naċ mbéaḋ sé i ḃfad go dtaḃraḋ sé sgéala ar ais ċuig' Oisín.
Nuair a ṫainic siad ar aṁarc ḃroinne an áṫa ċonnaic siad an talaṁ cuṁdaiġṫe leis na corpaiḃ, gan aon duine beo le feiceáil aca aċt mac an ríoġ agus an Mioḋgaċ ṁac Colgna agus iad ag troid.
"Níl aon duine a ċuaiḋ amaċ anoċt naċ ḃfuil marḃ aċt mac an ríoġ," arsa Diarmuid. "Siud anois é ḟéin agus an Mioḋgaċ ṁac Colgna le ċéile, agus níl mac an ríoġ i n-inniḃ [cor. i n-inniṁ] buille a ċosnaṁ , ċan é aṁáin buille a ḃualaḋ, agus béiḋ sé marḃ sul a raḃ muid aige," arsa Diarmuid.
"Béiḋ gan aṁras," arsa Faṫa Canann.
34. "Ó a Ḋiarmaid, a Ḋiarmaid," arsa Faṫa Canann, "ḃí an t-urċar díreaċ ariaṁ agat; cuir do ṁéar faoi imeall do ṡleaġa agus caiṫ an t-sleaġ agus b'ḟéidir go muirḃfeá an Mioḋgaċ ṁac Colgna."
"Há, do ḋuaḋ is do ḋoṫairne ort," arsa Diarmaid, "seo an t-áḋḃar a raḃ mise duit ariaṁ, díoġḃáil naċ raḃ tú 'do ġaisgiḋeaċ ró-ṁaiṫ ariaṁ. Goidé 'ḟios agat dá gcaiṫfinn an t-sleaġ naċ mb'ḟéidir gur ab é mac an ríoġ a ṁuirḃfinn?"
"Ḃeirim briaṫra, maise, dá mair'ṫeá (=mairḃṫeá) ḟéin ní ḃéaḋ aon ḋuine le n-a innseaċ ort aċt mise, agus ní innseóċainn ort ó indiú go dtí lá mo ḃáis."
Le méad an rosca fileaḋ rinne sé do Ḋiarmaid, ċuir sé a ṁéar faoi imeall a ṡleaġa agus ċaiṫ sé í, agus ċuid sé coṁ-ḟad roiṁe agus i n-a ḋiaiḋ fríd an Mioḋgaċ ṁac Colgna duíṫe.
"Is maiṫ a aiṫniġim an t-sleaġ sin," ars' an Mioḋgaċ; "sin sleaġ Ḋiamada Uí Ḋuiḃne," ar seisean.
"Ná marḃ mac an ríoġ go raḃ muid agat," arsa Diarmaid, "agus ġeoḃaiḋ tú cumraiġe d' anama mar fuair tú ariaṁ."
"Ó a Ḋiarmuid, a Ḋiarmuid," ar seisean, "'sé is trom leat do ḋá ċois ag tarraingt orm leis an ċeann a ḃaint díom. Aċt anois, béiḋ mac an ríoġ marḃ agam-sa sul má raḃ tú agam."
35. B' ḟíor dó. Ḃí se marḃ aige. Ar a ṫeaċt 'un tosaiġ do Ḋiarmuid ċaiṫ sé an ceann de'in Ṁioḋgaċ, ċuir sé claiḋeaṁ i ḃfastóḋ i dtaoiḃ a leacan, agus tarraing [cor. ṫarraing] sé ar Ḃruiḋin Ċaorṫainn.
"Cé siud amuiġ?" arsa Fionn.
"Mise, Diarmuid Ua Duiḃne."
"Ḃeirim buaiḋ agus biseaċ a Ḋiarmuid, má ḃí mé i n-aisc nó i ngéiḃionn ariaṁ nár ṁaiṫ liom agam ṫú agus ní raḃ mé i n-airc nó i n-géiḃionn ariaṁ níos mó ná a ḃfuil mé ann anoċt, de ḃríġ go mbéiḋ an t-iomlán againn gan ċionn faoi ṁaidin. Cé siud a gcuala mé gáir na mbaḋḃḋún os cionn an ċuain, agus osnaḋ na ḃfear ag sgara'int a n-anama leis a' ċorp?"
"Tá, do ṁac is mó a ṫug é," arsa Diarmuid.
"Goidé mar tá mo ṁac ḋá ċionn?" arsa Fionn.
"Tá, gan anam," arsa Diarmaid.
"An ḃfacaiḋ tú dá ṁarḃaḋ é?" arsa Fionn.
"Ċonnaic," arsa Diarmaid, ag a innsiġ dó goidé mar ḃí, "aċt an fear a ṁarḃ é, mar ḃí, an Mioḋgaċ ṁac Colgna, seo a ċeann ċugat-sa anois," arsa Diarmaid.
"Ḃeirim buaiḋ agus biseaċ," arsa Fionn, "cé gur mór a ċuirfeaḋ sé orainn lá d'ar saoġal duine d'ar gcuid fear a ċailleaḋ, is beag a ċuirfiḋ sé orainn anoċt, de ḃríġ go mbéiḋ an t-iomlán againn gan ċionn faoi ṁaidin."
36. "Agus goidé tá siḃ-se a ḋeánaṁ istoiġ annsin, a Ḟinn?" arsa Diarmaid. "Támuid ceangailte do'n talaṁ le draoiḋeaċt," arsa Fionn.
"Agus an ḃfuil dadaiḋ le siḃ a réiḋteaċ?" arsa Diarmaid.
"Níl," arsa Fionn.
"Dadaiḋ air biṫ," arsa Diarmaid.
"Níl aon seort," arsa Fionn.
"Na trí eiteaċ agus na trí ṁóid is mó tugaḋ air aon ḟear ariaṁ, buille sgine nó claiḋiṁ agus ní ḃuailfiḋ Diarmaid in mur leiṫ ó indiú go dtí lá mo ḃáis, ó ṫarla naċ ḃfuil dadaiḋ le siḃ a réiḋteaċ amaċ as sin. Raċaiḋ mé ḟéin agus Faṫa Canann annseo, agus an ḃeirt atá i nAlṁain Laiġean, agus gleasfamuid áruis dúinn ḟéin, agus béidmid réiḋ réiḋtiġ' liḃ ar fad. Slán agat, a Ḟinn ṁic Ċuṁaill."
"Maise go seaċt soirḃiġe an Rí duit," arsa Fionn, "agus is mairg atá sgara'int leat."
37. Nuair a d'imṫiġ Diarmuid giota ar ṡiuḃal ḃuail cuṁaiḋ iongantaċ ṁór air, agus ṗill sé ar ais, agus laḃair sé le Fionn.
"Tá mé, ar ais, a Ḟinn," ar seisean.
"Maise, gur maiṫ liom sin," arsa Fionn "mur mbéinn aċt tamallt ag cóṁráḋ leat."
"Tá," arsa Diarmuid, "'sé an rud a ṫug ar ais mé, má tá niḋ ar biṫ air an doṁan is é siḃ a ṡáḃáil, caillfiḋ mise mé ḟéin leis nó ġeoḃaiḋ mé é."
"Níl, maise" arsa Fionn, "aċt rud naċ ḃfuil maiṫ a ḃeiṫ ag caint air."
"Goidé sin?" arsa Diarmuid.
"Tá," arsa Fionn, "trí rí Inse Tuile, is iad a ċeangail inne annseo le draoiḋeaċt', go dtí go ngearrṫar a gcuid sceadamán sin, agus go gceapṫar a gcuid fola i gcorn ríoġ an doṁain, agus go gcuimiltear an ḟuil sin eadar sinne agus an talaṁ, ní ṫig sinn a sgaoileaḋ as seo."
"Ḃeirim briaṫra," arsa Diarmaid, "gur maiṫ liom sin a ċluinstin, ná caillfiḋ mé mé ḟéin leis anois, nó ġeoḃaiḋ mé é. Slán agat a Ḟinn."
"Maise go seaċt soirḃiġe an Rí duit," arsa Fionn.
38. "'Ḃfuil tú ar ṡiuḃal, a Ḋiarmaid," arsa Conán, ag sgáirtiġ taoḃ istoiġ.
"Tá," arsa Diarmaid. "Cuirimse fá ġeasaiḃ droma draoiḋeaċta ṫú, do ċeann agus do ċosa agus do ċongnaṁ beaṫa ḟéin a ḃaint díot-sa, mur dtugaiḋ tú greim ċugamsa a íosfas mé, nó is beag is fiú liom-sa mé a ṁarḃaḋ le taoiḃ mé bás a ḟáġail leis an ocras."
Ṫug gaċ aon aca iarraiḋ ar Ċonán, agus d'iarr siad air na geasrógaí a ḃaint de Ḋiarmuid.
"Ċa ḃainim," ar seisean, "aċt iad a ṫeannaḋ air."
39. D'imṫiġ Diarmaid agus Faṫa Canann leó. Air a ċul go broinn an áṫa dóḃṫa ḃí lasta báid d'ḟeoil ḃruiṫte ann.
"Ḃeirim briaṫra," arsa Faṫa Canann, "gur seo an áit ar furus dúinn a ṡáiṫ a ḟáġail do Ċonán."
"An sin mar ḋeánfá do ġnoiṫe?" arsa Diarmaid.
"Is eaḋ," arsa Faṫa Canann.
"Ḃeirim briaṫra, má's mar sin a ḋeánfainnse é," (arsa Diarmaid).
"Cad uime sin?" arsa Faṫa Canann.
"Tá," arsa Diamuid, "sin lasta d'ḟeóil ḃruiṫte atá annsin, agus tá dúil aca ḃeiṫ fá ċaṫaṁ isteaċ ċuig' na fearaiḃ 'sagainne (ag) faġáil ċuideaċta orṫa dá sgealpeaḋ ó n-a ċéile nuair a ḃéaḋ ocras orṫa. Agus dá dtiocfaḋ sé ṫart ins a' t-saoġal a ċoiḋċe go ḃfuiġeaḋ Fianna Éireann réiḋtiġṫe amaċ as siud ní ḃéaḋ a ḋaṫ aca le caṫaṁ suas linne aċt naċ dtiocfaḋ linn feóil daoine marḃṫa annsior orṫa."
"Ḃeirim briaṫa, maise, go n-íosfaiḋ mise mo ṡáiṫ duíṫe," arsa Faṫa Canann.
"Féadann tú sin," arsa Diarmuid, "aċt ní íosfaiḋ mise aon ġreim duíṫe."
"Anois," arsa Diarmuid, "fan ṫusa annseo, agus ná leig fear ar biṫ ṫarad gan a ḋeánaṁ a ḋiṫċeannaḋ go ḃfeicfiḋ mise goidé an gléas báis atá dúil aca a ċur ar Ḟionn."
"Ní leigfiḋ mise fear ar biṫ ṫarm [cor. ṫaram]," arsa Faṫa Canann, "nuair a íosfaiḋ mé greim de'n ḟeóil seo."
40. D'imṫiġ Diarmaid annsin go broinn an oileáin, agus rinne sé é ḟéin coṁ beag is ṫainic leis, agus ċuaiḋ sé isteaċ. Ċuaiḋ sé ḟad leis an ċócaire agus ċuir sé ordóg le bun a ġéill, agus ṫaċt sé é, agus ċaiṫ sé isteaċ i gcóirneál ḋorċa é.
Ċuir sé ḟéin práisgín an ċócaire air agus ċuaiḋ se ag cócaireaċt, agus ḃí sé 'na ċócaire coṁ maiṫ is ḃí ar an doṁan, agus ní raḃ aon ġreim maiṫ a raḃ sé 'ḟáġail naċ raḃ sé ag cur i ḃfiaḋnaise Ríoġ an Doṁain agus a ṁic.
41. "Ḃeirim briaṫra," arsa Rí an Doṁain, "gur fada atá an Mioḋgaċ ṁac Colgna amuiġ le cinn Ḟinn ṁic Ċuṁaill agus a ḋreama a ṫaḃairt ċugainn. Ċan é sin a ġeall an Mioḋgaċ ṁac Colgna dúinn i dtús na hoiḋċe, aċt go mbéaḋ oiḋċe ḃreáġ spóirt agus pléisiúir againn nuair a ḃearaḋ sé na cinn annseo. Ḃí muid gann go leor i gcuideaċta agus an t-iomlán againn a ḃeiṫ i gcionn a ċéile, aċt ag éisteaċt le sean-ċoraiḋeaċt Ḟinn Ṁic Ċuṁaill atá sé, cé gur maiṫ an sean-ṁadaḋ é, 'ġeall ar tamallt de'n oiḋċe a ċur ṫart, aċt caiṫfiḋ mé ḟéin agus mo ċuid fear a ċul go raḃ tamallta dá ċuid sean-ċoraiḋeaċt' againn coṁ maiṫ le duine; agus mo ċócaire boċt," ar seisean, "is é atá súiġte tirim, os cionn biḋ ó ṫainic an oiḋċe, agus caiṫfiḋ mé deoċ a ṫaḃairt dó as mo ċorn."
"Maise," arsa Diarmaid, "ní raḃ sult ariaṁ liom deoċ a ḟáġáil as láiṁ ḟir eile, go ḃfáġainn in mo láiṁ ḟéin é."
42. Smaoi'tiġ Diarmaid air ḟéin dá mbéaḋ an corn taoḃ amuiġ de'n doras aige gur ḃreáġ an éadáil é.
Ċuir sé 'n corn faoi n-a asgaill. Ṡeas sé giota ar a ċúl, agus ṫainic sé 'un tosaiġ annsin, agus ḃuail sé dórn ar Ríġ an Doṁain, agus ḃris sé naoi ḃfiacla i n-a ċionn. Ḃuail sé buille le n-a ċois ar ṁac Ríoġ an Doṁain, agus ḃris sé trí asna i n-a ṫaoiḃ. Ċuir sé ceiṫre ċóirneál no braiṫlíne le ċéile agus ċaiṫ sé an t-ualaċ sin ar an ḋruim agus ġearr sé trí túslógaí amaċ ar an doras.
"Anois," arsa Rí an Doṁain, "tċíonn siḃ uilig goidé atá deánta, agus a ṫrí rí Inse Tuile, siḃse is cionntaċ leis seo. Duḃairt siḃ linne gur ċeangail siḃ iad siud le draoiḋeaċt, agus sin fear aca a ḃí annsin anois, agus níl aon ḟear dá dteaċaiḋ amaċ anoċt naċ ḃfuil marḃ."
"M'ḟocal duit-se," arsa trí rí Inse Tuile, "fear ar biṫ dá dteaċaiḋ isteaċ go Bruiḋin Ċaorṫainn (gur) coṁ-ċeangailte atá sias-san do'n talaṁ."
"Caiṫfiḋ muid uilig a ċul amaċ anois," arsa Rí an Doṁain, "agus a ċul agus caiṫ a ṫaḃairt dóḃṫa."
43. D'imṫiġ Diarmaid an méid a ḃí i n-a ċorp go raḃ sé ag broinn an áṫa, agus ḃí Faṫa Canann annsin, agus sgáṫ fasgaiḋ deánta aige de na corpaiḃ agus é 'na ċodlaḋ.
"Tċím," arsa Diarmaid, "(is) fear ṫú a ḃain dúil de ċaḃair nó atá (Ag) dreim le caḃair a ḟaġáil, agus fáġaiḋ mé annsin ṫú."
D'imṫiġ sé annsin go Bruiḋin Ċaorṫainn.
"'Ḃfuil tú annsin, a Ċonáin?" ar seisean.
"Tá," arsa Conán.
"Tá greim liom anois ċugat le h-iṫe, dá mbéaḋ 'ḟios agam an dóiġ a dtaḃarfainn duit é."
"Maise," arsa Fionn, "má tá geasa air an ḃruiḋin taoḃ istoiġ níl siad uirṫi taoḃ amuiġ. Gaḃ suas i mullaċ an tiġe agus deán puill agus caiṫ anuas an ḟeoil ċugainne; agus béiḋ sinne dá ceapaḋ."
44. Rinne Diarmaid mar d'iarr Fionn air, agus fuair gaċ aon ḟear a ṡáiṫ le h-iṫe.
"'Ḃfuil mur sáiṫ agaiḃ?" arsa Diarmaid.
"Tá," ars' gaċ duine aca.
"Slán agat, a Ḟinn," arsa Diarmaid.
"Go seaċt soirḃiġe an Rí duit," arsa Fionn, "agus ní ḟacaiḋ mé aon ḟear ariaṁ aca a ḃí coṁ maiṫ leat."
"'Ḃfuil tú ar ṡiuḃal, a Ḋiarmaid?" arsa Conán.
"Tá," arsa Diarmaid.
"Cuirim-sa na geasa céadna ort a ḃí ort a roiṁe, mur ḃfáġaiḋ tú deoċ daṁsa a ólfas mé; ná ba ḃeag a b'ḟiú liom-sa bás 'ḟaġáil ó'n ocras le taoiḃ bás 'ḟaġáil ó'n tart."
"Tá deoċ fósta liom," arsa Diarmaid, "dá mbéaḋ 'ḟios agam an dóiġ le n-a taḃairt duit."
"Luiġfiḋ mise ar ċúl mo ċinn," arsa Conán, "agus aimsiġ ṫusa mo ḃéal coṁ maiṫ agus ṫig leat."
Ḃí buaiḋ ar an ċorn deoċ ar biṫ a sgairtfeá air ġeoḃṫá ann é.
Ċuaiḋ Diarmaid suas ar ṁullaċ an tiġe ós cionn Ċonáin, agus ḃí sé ag sáruġaḋ air béal Ċonáin a aimsiuġaḋ. Aċt ins an deireaḋ d'aimsiġ sé é go dtí go raḃ Conán ag cur na diġe amaċ ar a ḃéal.
"Bí ar ṡiuḃal leat anois, a Ḋiarmaid," ar seisean, "agus mo ṡeaċt mbeannaċt go raḃ leat."
45. Nuair a ċuaiḋ Diarmaid 'un na tráġa annsin dá dtuitfeaḋ biorán beag anuas as an spéir (is) ar ċeann ċeannṗuirt nó caṫ-ṁíliḋ a ṫuitfeaḋ sé. Ar feaḋ seaċt míle ar fad agus ar leiṫead ḃí sé cuṁdaiġṫe le fearaiḃ.
Ní h-eagla ar biṫ a ġlac Diarmaid roṁpu (=rompa) aċt tarraingt i n-a n-aircis agus túsuġaḋ orṫa go h-ainḃfiosaċ láidir. Ḃí sé ag éiriġe tuirseaċ ins an deireaḋ, agus smaoi'tiġ sé dá mbéaḋ Faṫa Canann aige gur ḃ'ḟeárr é ná a ḃeiṫ folaṁ. Ċaiṫ sé é ḟéin ar an talaṁ, agus d'imṫiġ sé ar ṡiuḃal ċeiṫre gcos go raḃ sé ag Faṫa Canann, agus níor ṁoṫuiġ Faṫa Canann dadaiḋ gur éiriġ Diarmaid ins an ṁeannaċ air.
Ṫug Faṫa Canann léim fá n-a arm agus fá n-a éideaḋ, agus ṫug se iarraiḋ ar Ḋiarmaid.
"Goidé tá tú ḋul a ḋeánaṁ?" arsa Diarmaid.
"Tá mé ḋul a ċuidiuġaḋ le mo náṁaid ort-sa," ar seisean, "de ḃríġ go dtug tú mo náire, a ḃeiṫiḋiġ ṡalaiġ."
"Ṫug tú ḟéin do náire ḟein i' do luiġe in do ċodlaḋ annsin, agus mise do mo ċasgairt annseo." Le méad a rosca fileaḋ rinne sé do Faṫa Canann, ċuidiġ sé le Diarmaid, go h-ainḃfiosaċ láidir. Ḃí tálaċ mór ag teaċt ar Ḋiarmaid, agus ní raḃ 'ḟios aige goidé a ḋeánfaḋ sé.
46. Ṫug sé ceiṫre aṁarc fir ṁire fríd ċeiṫre ċearn an tsluaiġ go ḃfeicfeaḋ sé cá h-áit ba laige a náṁaid.
Ċonnaic sé trí rí Inse Tuile, agus iad 'na suiḋe taoḃ ṫall de'n deán, agus trí clócaí orṫa, agus iad ag gáiriḋe, (ag) magaḋ ar Ḋiarmaid agus ar Faṫa Canann. Dar leis ḟéin, "dá mbéinn-se ṫall agaiḃ-se ní ḃéinn-se i ḃfad ag cur deise oraiḃ-se."
Ċaiṫ sé é ḟéin fá'n talaṁ agus leis sé air ḟéin go raḃ sé imḋeargṫa, agus riṫ sé ar ṡiuḃal ċeiṫre gcos, agus níor ṁoṫuiġ trí rí Inse Tuile gur ḃuail sé trí ḃuille orṫa agus ġearr sé a gcuid sceadamán, agus ṫarraing aniar an corn agus ċeap sé a gcuid fola ann.
47. Ní iarraiḋ ar biṫ a ṫug sé ar Faṫa Canann le cuidiuġaḋ leis aċt annsoir Ḟionn.
"'Ḃfuil tú annsin a Ḟinn ṁic Ċuṁaill?" ar seisean.
"Tá," arsa Fionn.
"(An) rud sin a ḃí tú ag ráḋ naċ ḃfuiġṫí go deó é tá sé liom-sa anois."
"Ná bí ag magaḋ orm," arsa Fionn.
"Níl mé ag deánaṁ magaiḋ ar biṫ ort," arsa Diarmaid.
"Ḃeirim briaṫra," arsa Fionn, "má tá sin fíor, a Ḋiarmaid, go ndeánfaiḋ mé saiḋḃir go deó ṫú. Anois, a Ḋiarmaid," ar seisean, "má tá sin leat, cuimil an ḟuil do ḃonnaiḃ do ċos, agus do ċionn, do ḋá láiṁ, agus tar isteaċ agus cuimil eadar muidinne agus an talaṁ í." Rinne Diarmaid mar h-iarraḋ air, agus ṫug sé uilig go léir amaċ iad.
"'Ḃfuil siḃ uilig amuiġ anois?" ar seisean, agus is annsin a ṁusgail Conán. Ḃí sé 'na luiġe 'na ċodlaḋ i ndiaiḋ a ṡáiṫ a iṫe agus a ól.
"Tá an ḟuil uilig riṫte anois," arsa Diarmaid.
"Ó a Ḋiarmaid, a Ḋiarmaid," ar seisean, "b'ḟada an lá ó ṁairḃṫeá mise aċt a b'é eagla roiṁe Ġoll. Tá 'ḟios agat anois naċ mbaineann sé duit de ḃríġ gur ṡáḃáil tú é."
48. Nuair a laḃair se mar seo le Diarmaid ċuaiḋ Diarmaid isteaċ agus ċuimil sé a ṁéar ṫart do'n ċorn, agus fuair a ḋá láiṁ a ċur síos faoi ḋá ġualainn Ċonáin, agus ṫarraing sé amaċ ó'n talaṁ é, gur ḟág sé cuid dá ċuid croicinn greamuiġṫe ar an urlár.
"Maise, anois," arsa Fionn le Diarmaid, "is tú a ṡáḃáil sinne ar ar mbás agus i ndiaiḋ a dtearn tú dúinn béiḋmid uilig gan ċionn go fóill."
"Cad uime sin?" arsa Diarmaid.
"Ar ṁéad is a ċuaiḋ an sioc is an síor-reoḋ i n-ar gcnáṁaiḃ. Buille sgine nó claiḋiṁ ní ḃéiḋmid i n-inniḃ a ḃualaḋ go n-éireóċaiḋ an ġrian ġaṁ ar airde i mbáraċ."
"Maise," arsa Diarmaid, "fir agus mná an doṁain agus bíoḋ siad-san i n-a seasaṁ uilig i n-aon láṫair, buille sgine nó claiḋiṁ ní leigfiḋ mise in mur gcroiceann go n-éireóċaiḋ an ġrian ġaṁ ar airde i mbáraċ," agus sin an focal is mó a h-uḃraḋ i nÉirinn ariaṁ.
49. Ċuaiḋ Diarmaid annsin 'un na tráġa, agus ar na ċul na tráġa dó, ċonnaic sé Faṫa Canann i measg an tsluaiġ agus é 'na luiġe air ċúl a ċinn, agus iad uilig ag tarraingt air, agus é ag sgairtiġ ar Ḋiarmaid. Ġlan Diarmaid bealaċ dó ḟéin fríd na fearaiḃ go dtainic sé ḟad le Faṫa Canann, agus ḃeir sé air, agus ṫóg sé 'na ṡeasaṁ ar a ḋá ċois é, agus ṫoisiġ sé ḟéin agus Faṫa Canann orṫa, go hainḃfiosaċ láidir.
Ní buaiḋreaḋ ar biṫ a ḃí ar Ḋiarmaid fá n-a ḃás ḟéin, aċt an gealltanas a ṫug sé d'Ḟionn.
50. Ins an am seo, an ḃeirt a ḃí i nAlṁain Laiġean laḃair Oisín le Oscar agus duḃairt sé, "Caiṫfiḋ sé go ḃfuil rud éiġinteaċt cearr, ná naċ ḃfuil aon duine teaċt ċugainn le sgéalaiḃ, agus caiṫfiḋ muid ḟéin a ċul go ḃfeicfiḋmid."
Ar a ṫeaċt ar aṁarc ḃroinne an áṫa dóḃṫa ċonnaic siad an t-ár a ḃí deánta.
"Níl aon duine dá dteaċaiḋ amaċ anoċt naċ ḃfuil marḃ," ar seisean (.i. Oisín), "aċt Diarmaid agus Faṫa Canann annsiud. Agus tá cuma ar Ḋiarmaid is go ḃfuil sé loitṫe go mór, agus tusa is guiste agus bain ċugat coṁ tiuġ is ṫig leat agus taḃair tárrṫáil ar Ḋiarmaid: tá tusa óg agus tá tú níos guiste ná mise."
51. Nuair a d'iarr sé ar Oscar seo a ḋeánaṁ riṫ sé, agus níos ṁoṫuiġ Diarmaid gur ḃuail Oscar bos eadar a ḋá ṡlinneán air.
"'Ḃfuil siad uilig marḃ?" arsa Oscar, "aċt tusa agus Faṫa Canann annseo?"
"Níl fear ar biṫ marḃ go fóill," arsa Diarmaid, "aċt Fiaċna ṁac Finn agus Inse ṁac Suiḃne Ṡealg'."
"Gaḃ ṫusa anois suas," arsa Oscar, "agus suiḋ ar an ṁéile go raḃ tamallt spóirt agat ag aṁarc orm-sa ag leigint mo ṁéin' amaċ ar mo náṁaid."
Ní ċorróċaḋ Diarmaid; fuair sé an oiread sin uċtaiġ nuair a ḃí Oscar aige.
Ṫainig Oisín 'un tosuiġ annsin agus an fear a d'imṫeóċaḋ ó Ḋiarmaid ċasfaiḋe ar Oscar é, agus an fear a d'imṫeóċaḋ ó Oscar ċasfaiḋe ar Oisín é, agus an fear a d'imṫeóċaḋ ar Oisín ċasfaiḋe ar Faṫa Canann é.
Ḃí siad ar an dóiġ sin gur éiriġ an ġrian ġaṁ ar airde.
52. "Maise," arsa Goll ṁac Móirne, "is mise an duine mí-ḟortunaċ a ráiḋteas [cor. ráiḋtear?] dó go ḃfuil sé le caṫaṁ suas ag Diarmaid liom gur ab é a ṡáḃáil ar mo ḃás mé, an rud is é," ar seisean; agus annsin ċuaiḋ sé ḟéin 'un na tráġa agus lean an ċuid eile de na fearaiḃ é. 'Sé an t-arm a ġlac Goll ṁac Móirne órd mór i ngaċ aon láiṁ dá ċuid agus ḃeir sé greim ar Ḋiarmaid eadar a ḋá láiṁ, agus d'ḟág sé 'na ṡuiḋe ṡuas ar ṁéile é.
"Anois," adeir sé. "Bí ṫusa ag aṁarc orm-sa ag leigint mo ṁéin' amaċ air mo náṁaid."
Ṫug sé iarraiḋ 'un tosuiġ agus siṫeaḋ dá dtaḃraḋ sé ṁairḃfeaḋ sé deiċ gcloigne, agus siṫeaḋ eile dá dtaḃraḋ sé ṁairḃfeaḋ sé ḋá ḟear ḋéag.
53. Leis an scéal fada a ḋeánaṁ goirid ní raḃ aon ċleite nó cluiṁ d'ar ḟág Críoċa Loċlann nár ṁarḃ sé iad, agus naċ dtearn sé éadáil dá gcuid óir agus airgid.
Annsin ġléas siad cuirm ṁór le h-ollġáirdeaċas, a ṁair ar feaḋ seaċt n-oiḋċe agus seaċt lá, agus b'ḟeárr an oiḋċe ḋeirionnaċ 'ná an ċead oiḋċe.
Bruiḋean Ċaorṫainn