<-- back to homepage

Amhrán na Scadán

Fuaimniú na bhfocal:

Nuair a théim a luí san oíche bím ag smaointiú ar an iasc
Nuair a éirím amach ar maidín bheirim ruaig go dtí an bheinn
Bíonn na héanacha ag cur pléisiúr orm astoigh i mbéal na bpoll
Is an phéist ag an Tor Dhearg ag cur na scadán thaire n-a droim

Bím ag smaointiú ar an eangaigh 's ar an bhád a mbíonn sí ann
Bím ag smaointiú ar na rámhaí 's a mbuillí insa toinn
Bím ag smaointiú ar an fhearthainn 's ar an tréan a bíos sa ghaoith
'S gach uair dar chroch mé an stiúir uirthi 's an t-helm ina ceann

Nach deas an rud na slanntracha bheith ag soillsiú ar ár mbróg
'S gurbh fhusa dúinn a bplúchadh go minic ná iad a dhíol
Ach caithfidh muid a dhul an caineál leo más maith nó olc an t-am
San áit a mbeidh lúcháir ar an cheannaí romhainn is buideál dubh den lionn

Nuair a shuím cois na tineadh bím ag smaointiú ar an am
A rabh mé fhéin 's mo churach beag amuigh ar bharr na dtonn
'S gan eadar mé 's an tsíorraíocht ach an t-éadach tanaí tarr
Ag cosnamh gaoithe 's farraige i measc éanacha na mbeann

Anois atá mé aosta 's mé ag éirí lag breoite tinn
Is gan dúil agam le biseach a fháil go síntear mé sa chill
Ach bheirim alltú do Dhia na Glóire mar chuir mé isteach m' am
Ar chreag i lár na farraige i measc eanacha na mbeann.