<-- back to homepage

Ard an Chuain (= Ard Uí Chuain, Ard Tí Chuain ⁊rl)

D'fhoghlaim mé an leagan seo ó thaifead de Lillis Ó Laoire ach d'áthraigh mé cupla rud beag.

Má tá mo ghlór rud beag ciotach, bíodh...

Dá mbeinn fhéin in Ard an Chuain
In aice an tsléibhe ud' atá i bhfad uaim
B'annamh liom gan a dhul ar cuairt
Go Gleann na gCuach Dé Domhnaigh

Curfá
Agus och, och a Éire uilig is ó
A Éire lionn dubh is ó
'S é mo chroí atá trom agus brónach

'S iomaí Nollaig a bhí mé fhéin
I mBun Abhnna Duinne is mé gan chéill
Ag iomain ar an Tráigh Bháin
Is mo chamán bán in mo dhorn liom

Curfá

Nach tuirseach mise anseo liom fhéin
Nach n-airím guth coiligh, lon-dubh, ná traon
Gealbhán, smólach, naosach fhéin
Is chan aithním fhéin an Domhnach

Curfá

Nach b'é seo an choraíocht atá buan
'S ar an tsaol go gcuirfeadh sí cluain
Mheall sí an chaora ón uan
Agus mheall sí uaim an óige

Curfá

Dá mbíodh agam ach coite is rámh
D'iomórainn leis an tsnámh
Ag dúil as Dia go sroichfinn slán
Is go bhfaighinnse bás in Éirinn

Curfá