<-- back to homepage

an Dá Ghé

an Scéal

Bhí fear agus bean ag teacht ó teach phobhail lá amháin. Chonnaic an bhean dhá ghé ins an pairc. "An bhfeiceann tú an dá ghé sin?" arsa an bhean. "Ní fheicim dhá ghé acht tchím gé amháin" arsa an fear. "Acht tá dhá ghé ann" arsa'n an bhean. "Muise níl ach gé amháin ann" arsa an fear. "Deirim-se leat-se go bhfuil dhá ghé ann" arsa an bhean.

Bhí siad ag cainnt leobhtha mar sin sa deireadh chaith an bhean í féin ar an bhealach mhór agus leig sé uirthi go rabh sí marbh. Bhí an fear bocht i gcruadh-chás agus ní rabh fhios aige goidé dhéanamh [?]. Thug sé an corp abhaile. Tháinigh na comharsain isteach chun na faire.

Tamall indiaidh sin thug an fear cogar dá mhnaoi éirigh anois agus bí ciall agat. "Bhfuil an dá ghé ann"? ar sise níl ar seisean. Cuireadh isteach sa comhrainn í agus thug an comhrainn go dtí an roilge. Nuair a cuireadh í sgread sí amach a Pháid a Pháid leig amach mé níl ach aon gé ann. Thug seisean amach í nuair a bhí siad ag teacht na bhaile chonnaic siad an dá ghé agus dubhairt seisean tcím gé amháin agus gandal amháin.

Source

Collector
Máire Ní Ghearrbhaigh
Address
Doire Uí Fhríl, Contae Thír Chonaill
Informant
Máire Ní Ghearrbhaigh
NB. this is a different Máire!
Relation to Collector
Parent
Address
Doire Uí Fhríl, Contae Thír Chonaill

Schools' Collection (Volume 1075, Page 19), National Folklore Collection, University College Dublin; made available under license CC-BY-NC 4.0