Fad ó shoin nuair a bhí pisreogacht, agus ealadha dhubha dá chleachtadh ins an áit seo, bhí sean bhean Gallda ina comhnuidhe i Málainn mhór agus Bell Blaine an t-ainm a bheireadh siad oirthí. Bhí fhios ag gach duine beag agus mór ins an áit go rabh "Bell" ag cleachtadh Draoidheachta agus ar an adhbhar sin bhí eagla ar na Gaill comh maith leis na Catloicigh roimh an "Cailleach Draoidheachta" seo.
Bhí na Coast Guards 'na gcomhnuidhe i Málainn mhór 'san am agus bhíodh "Bell" ag congbhailt bainne agus im leobtha gidh nach rabh aicí acht sean bhó amhain.
Maidin lá Beáltaine amhain musgladh Niall Nábla (fear de chuid na comhursan) le tarman iongantach ag na cearca 's aige amuigh 'sa bhóitheach. Bhí siad uilig ag sgolagarnaigh mar bheadh an eagla ortha: Shaoil Niall gurabh é an madadh ruadh ar a chois le sgrios a dhéanamh ar na cearca, agus d'eirigh sé, agus amach 'na bhóithigh leis. D'fhosgail sé an doras go h-an chúramach, agus nuair a d'amharc sé isteach caidé tcí sé acht gearrfiadh dubh ag diúil a bhó.
Dhruid sé an doras 'na dhiaidh agus bheir greim ar an "graip". Thug sé moran iarrachta an gearrfiadh a mharbhadh acht ní rabh gair ann. 'Sa deireadh chuir sé spíce de'n "graip" fríd a leis deiridh ag an garrún, acht le sin bheir an gearrfiadh ar láimh Néill agus b'éigean dó an greim a leigint amach.
Chuaidh gáir amach gur thuit "Bell Blaine" agus gur gearradh go mór í i n-áit éigin fa'n teach 's aicí féin. Bhí duine de na comhursanaí ag amharc oirthí lá agus chonnaic sí go rabh poll mór ina leis. Ní rabh sí ábalta a cor a chuir fuithí.
Acht i dtaoibh Neill bhocht - bhí a láimh i gabhail in dáinsear gach eile lá, agus gan cumadh bisigh ar bith oirthí. B'eigean dó a ghabhail a luighe bhí se comh lag sin. 'Sa deireadh chuaidh a dheirbhsiúir annsoir an tSaghairt agus d'innis Niall an scéal dó ó thús go deireadh Léigh an Saghart ós cionn Néill agus rinne Oifige dó. Thainig biseach air i gcionn tamaill, acht níor éirigh Bell Blaine as an leabaidh go bhfuair sí bás.
Bhí daoine an bhaile de bharamhail gurabh í an gearrfiadh a bhí ag goid an bhainne, nó connaiceas an gearrfiadh ceadna go minic ó am go h-am roimh sin acht chuir Niall deireadh le na suid siubhail.