This calligraphy is traced from the 1911 edition, I have fixed the knotwork up as it was so small it didn't print well. NB the <u> is clearly the same as the <n> used in the uncial of e.g. the Book of Kells; evidently Gaelic Revivalists of the time were not up to scratch on their typography!
This is a story from
In the introduction,
I have known smoky cabins where literature was cherished and appreciated in a way that few except great men of letters can or do appreciate it. And I have seen wearied haymakers, after the prolonged toil of a mid-summer day, sit round in a circle while one of their number recited in Irish a Fenian lay - the "Chase of Slieve Gullion" perhaps, or "The Lay of the Great Woman." Breathless they listened, till at some turn in the narrative they broke out into a chorus of applause, or sorrow, or indignation. What impressed me then, and impresses me even more now, was the intensity of interest which they showed in these poems or stories, showing as it did a literary taste which has disappeared with the language. The reciter of these occasions has long since been robed in clay, and most of his audience too sleep beneath the sod.
Mac Róigh, Fearghus.
Preface to Bruidhean Chaorthainn. Doire Choluim Chille, 1911.
Perhaps he strays into the fetishisation which has at times plagued Gaelic revivalists but the picture is clear. Although this "literary taste... has disappeared with the language", it is important to remember that the language has not disappeared; in fact I too have listened breathless to traditional storytellers both in pubs and on Zoom during lockdown! We have an obligation to preserve this tradition, both telling these old stories and creating new ones.
1. Seilg agus friotháileadh agus comhmóradh le Fionn Mhac Cumhaill mhic Tréanmhóir Uí Bhaoisgne, fríd shléibhtibh Droma Choilleadh, fríd shléibhtibh Droma Duilleabhair d' n-ionnsaidhe as éadan agus (fríd) na cúigí eile mar an gcéadna.
'S iad an lucht sealga a bhí aca Goll mhac Móirne, Oisín mhac Finn, Oscar mhac Oisín, Diarmaid Ó Duibhne, Fionn bán Ó Baoisgne, Fionn bán Ó Breatain, Clanna Diafraigh, agus Clanna Smóil; sin an ceannphort a bhí ortha an lá sin.
2. Rinne siad seilg mhór-éifeachtach nach dtearnadh a leithid ins an tír ariamh. Nuair a thainic siad a bhaile ins an tráthnóna bhí gach aon fhear ag innsigh tréartha a chon agus a ghadhair fhéin go dtí aon cheithearnach amháin a bhí ann, nár chuir teach nó áit, bean nó páisde buaidhreadh ar bith ariamh air, agus smaoi'tigh sé go n-imtheóchadh sé amach as Éirinn go bhfeicfeadh sé an rabh spórt ar bith ar an domhan a b' fheárr ná bhí ag Fionn mhac Cumhaill, agus ag na Fiannaibh.
3. Fuair sé cabhlach ag imtheacht, agus d'imthigh sé leis go críochaibh Lochlann, cá h-uair agus cá h-am go rabh mac óg ag an bhainríoghan, agus go rabh teachtairí ar mhuin teachtairí amuigh ag tabhairt cuireadhcha do gach uile dhuine a chul (= dhul) a chathamh na cuirme.
"Goidé an sgéal do seo," ars' an ceithearnach, "a bhfeicim an iomad de dhaoinibh fá'n chúirt?"
"Do dhuadh is do dhothairne ort, a cheithearnaigh bhradaigh, ná nach bhfuil 'fhios agat go bhfuil mac óg ag an bhainríoghan, agus go bhfuil teachtairí ar mhuin teachtairí amuigh ag tabhairt cuireadhcha do gach uile dhuine chul a chathamh na cuirme, agus tá cuireadh agat-sa comh maith le duine má théigheann tú ann."
"Bheirim briathra go rachadh," ars' an ceithearnach.
4. Bhí cuirm annsin bhí le mairstin ar feadh seacht n-oidhche agus seacht lá.
I gcionn lae agus i gcionn na h-aimsire d'éirigh bollsaire 'na sheasamh agus d'iarr sé ar ghach uile dhuine an chuirm a dheánamh a mholadh nó a dhithmholadh.
Rinne gach aon duine an chuirm a mholadh 'ar ndóighthe go dtí'n ceithearnach, agus níor labhair seisean.
"A cheithearnaigh, deán an chuirm a mholadh nó a dhithmholadh," ars' an bollsaire.
"Ní moladh mo mholadh-sa uirthi, agus ní cáineadh mo cháineadh-sa uirthi, acht is maith an chuirm í," adeir sé.
"D'ith mise agus d'ól mé mo sháith uirthi."
Chuaidh an sgéal fhad leis an rígh.
"Bheirim briathra," ars' an rí, "go mb'fhéidir go bhfacaidh an ceithearnach rud éighinteacht i n-a shaoghal, agus gléasaigidh cuirm anois a bhéas seacht n-uaire níos feárr ná bhí sin, a mhairfeas go cionn lae agus bliadhna."
5. I ndeireadh na cuirme sin, i gcionn lae agus na h-aimsire, d'éirigh an bollsaire, agus d'iarr sé ar ghach uile dhuine an chuirm a dheánamh a mholadh nó a dhithmholadh. .
Dubhairt gach aon duine aca gur bh'í an chuirm a b'fheárr d'ar shuidh siad ariamh aici í, go dtí an ceithearnach, agus níor labhair sé.
"A cheithearnaigh, nach bhfuil tú dhul a dheánamh na cuirma a mholadh nó a dhithmholadh?"
"Níl," adeir sé; "ní moladh mo mholadh uirthi, agus ní cáineadh mo cháineadh uirthi, acht is maith an chuirm í; d'ith mé agus d'ól mé mo sháith uirthi."
Chuaidh fios fhad leis an rígh. Thainic an rí é fhéin i láthair.
6. "A cheithearnaigh, deán an chuirm a mholadh nó a dhithmholadh," ars' an rí.
"Ní moladh mo mholadh uirthi, agus ní cáineadh mo cháineadh uirthi, acht is maith an chuirm í; d'ith mé is d'ól mé mo sháith uirthi," ar' seisean.
"A cheithearnaigh, deán an chuirm a mholadh nó a achineadh, nó bainfidh mé an ceann díot," ars' an rí.
"Bain an ceann díom," ar seisean, "ná fá'n rud adéarfainn is é an ceann a bhainfeá díom ar scor ar bith."
"Rud ar bith," ars' an rí, "'á bhfuil agat le rádh abair é, agus ní bhainfear aon deor asat."
"'Sé an rud a bhí agam le rádh gur mhaith an chuirm í, acht shaoil sibh-se í a bheith seacht n-uaire níos feárr ná shaoil mise í a bheith; de bhrígh dó," adeir sé, "gur bh'fheárr liom-sa seilg aon mhíol-mhuighe amháin ag Fionn mhac Cumhaill i nÉirinn, ná dá mbéadh sí seacht n-uaire níos feárr ná bhí sí."
7. "Bheirim briathra," ars' an rí, "go gcreidim-sa thusa go maith, agus deirtear liom-sa spórt an domhain uile go léir gur ag Fionn mhac Cumhaill agus aige n-a dhream atá sé, agus is fada an lá ó bhí dúil agam-sa chul (=dhul) agus a cheann a bhain de Fhionn mhac Cumhaill, agus an mac is sine de mo chuid a fhágail 'na rígh ar Éirinn, agus an ceann a bhain de rígh na h-Alban, agus an dara mac atá agam a chur 'na rígh air sin; agus Miodhgach mhac Colgna, an mac is óige agam, fhágail ag stiúirigheacht na ríoghachta seo 'mo dhiaidh fhéin, nuair a gheóbhas mé bás."
8. Nuair a bhí an chiall amuigh agus an deoch astoigh chríochnuigh siad eadthortha fhéin go bhfuigheadh siad crúcaí móra deánta, a chuirfeadh siad i bhfastódh i dtaoibh na hÉireann, agus go dtarr'nóchadh siad anonn chuig' n-a dtaoibh fhéin í, go muirbhfeadh siad Fianna na hÉireann, agus go ndeánfadh siad iad a dhithcheannadh.
Chuaidh fios fhad leis an sean-dall.
"Phiú!" adeir an sean-dall, "an cnuicín beag is lugha i nÉirinn ní thiubhradh sibh anall ar an dóigh sin é. Acht má tá dúil agaibh a mbuaidh 'fhághail gléasaigidh cabhlaigh ar mhuin cabhlaigh, agus gabhaigidh anonn. Cuirigidh teachtaire go dtí Fionn mhac Cumhaill; fiafraighigidh dó c'aca is feárr leis troid agus bruighean a thabhairt dóibh, nó é luighe faoi chíos láimhe."
9. Rinneadh seo, agus bliadhain ó'n am sin bhí siad fá thír thiar i gCill Eala. Chuir siad teachtaire suas chuig Fionn, ag fiafraighe dó cia h-aca b'fheárr leis troid agus bruighean a thabhairt dóbhtha, nó é luighe faoi chíos láimhe. Chuir Fionn teachtaireacht síos chuca nár luigh seisean faoi chíos láimhe ag aon fhear ariamh, agus go dtabhradh sé tréan troda agus bruighne dóbhtha go dtí go muirbhfidhe é fhéin agus a chuid fear.
Chuaidh deireadh na bhFiann síos 'un na trágha agus thoisigh (=thosaigh) an cath dairíribh. Acht le sgéal fada a dheánamh goirid ní rabh aon chleite nó cluimh (=clúmh) dá dtainic as críochaibh Lochlann nach ndearna siad a mharbhadh agus a dhithcheannadh go dtí'n Miodhgach mhac Colgna, an mac is óige a bhí ag an rígh, agus bhí Conán mhac Móirne agus a chlaidheamh leagtha eadar a dhá ghualainn, agus ní fhuair sé é a chur fríd go dtí gur chaith sé é fhéin ar a dhá ghlúin ag cosaibh an ríogh.
"Tá mé ag iarraidh cumraighe m'anama ort, a Fhinn mhic Chumhaill," ars' an Miodhgach mhac Colgna, "ná chuala mé nár eitigh tú mac ríogh ariamh fá chumraighe a anama."
"Níor eitigh," arsa Fionn, "ó's mac ríogh atá ionnat ní bhainfear aon deor asat. Fóil, fóil, a Chonáin, ná bain do'n ghruagach."
Bhí sé aca ansin mar fhear aca fhéin ar feadh seacht mbliadhna.
10. I gcionn fach aon seachtmhadh bliadhain ins an t-sean-am thiocfadh ceo fá gheasaibh droma draoidheachta agus seachrán sealg, agus thainic ceann aca sin, agus níos fágadh aon chleite nó cluimh le chéile d' Fhiannaibh Éireann acht Fionn agus Conán.
Bhí siad ag siubhal le chéile go rabh neóin bheag agus deireadh an lae ann. Nuair a bhí 's d'éis tráthnóna ann labhair Fionn le Conán. "A thighearna! Is tú an droch-chomrádaidhe," adeir sé; "tá tú ag siubhal liom ó mhaidin agus níor labhair tú focal, agus bhí mise mar an gcéadna leat, leisg oiread de shásamh a thabhairt duit."
11. "Fóil, fóil, a Fhinn, ná bí i n-a dhiaidh orm, ná bhí mé ar mo smaoi'tiughadh."
"Bheirim briathra," arsa Fionn, "go bhfuil dúil agam gur maith do smaoi'tiughadh: goidé an smaoi'tiughadh a rabh tú air?"
"Tá," adeir Conán, "is é an smaoi'tiughadh a rabh mé air, an Miodhgach mhac Colgna, ar mharbh tusa a athair, a shean-athair, a shlighe agus a shinnsear, dá mbéadh sé ag siubhal leat indiú in m'áit-se mur treise leat ná leis go n-imeallfadh cúl cnáimh do chinn bás an iomláin."
"Bheirim briathra," arsa Fionn, "gur fíor duit, agus gléas báis ar bith ar mian leat-sa chur ar an Miodhgach go gcuirfidh sinne air é."
"Maise," deir Conán, "ní móran clú dúinne bás an Mhiodhgaigh a bheith orainn, acht bhí mé ag smaoi'tiughadh cúige d' Éirinn a thabhairt dó, mar chongnamh beatha, agus a bheith réidhtighthe leis níos mó."
"Bheirim briathra," arsa Fionn, "go ndeánfamuid sin, acht goidé an dóigh a gcruinneóchmuid na fir agus gan aon fhear le chéile acht tusa agus mise?"
"Is maith eolach mise ar an dóigh a gcruinnigheann tú iad. Seinn an dórd Fianna agus béidh siad uilig cruinnighthe agat roimh an mheadhon lae i mbárach."
12. Rinne Fionn mar adubhairt sé, agus bhí siad ag cruinniughadh 'na gcaogadaibh agus 'na leath-chaogadaibh go dtí go rabh an t-iomlán cruinn roimh an mheadhon lae, lá ar n-a bhárach.
Chuaidh sgéal fríd na fearaibh ag innsigh dóbhtha goidé dubhairt Conán, agus dubhairt gach aon aca gur bh'fhíor do Chonán a chaint.
Sgairt Fionn mhac Cumhaill i láthair ar Mhiodhgach mhac Colgna.
"A Mhiodhgaigh mhic Cholgna," adeir sé, "is buaidheartha trioblóideach mar tá seo agat, [ag] seilg fríd chnocaibh agus mullaighibh, fliuch, báidhte, agus ní hé sin a chleacht tú ag d'athair fhéin ariamh fá bhaile. Agus bhí mé ag smaoi'tiughadh cúige d'Éirinn a thabhairt duit mar chongnamh beatha, agus go mbéadh sé i bhfad níos sócamhlaighe agat."
13. Thug an Miodhgach buidheachas mó d'Fhionn, agus dubhairt sé go rabh sé iongantach sásta ar fad, acht gur mhaith leis fios a bheith aige cá h-áit a bhfuigheadh sé an talamh sin.
Dubhairt Fionn leis go bhfuigheadh sé a rogha ar an taoibh thall ná taoibh i bhfus de'n Bhóinn.
"Rachamuid go bhfeicfimid an talamh," ars' an Miodhgach mhac Colgna. Smaoi'tigh sé i n-a intinn fhéin dá dtiocfadh sé thart ins an t-saoghal go dtiocfadh leis sásamh a bhaint as Fiannaibh Éireann, gur bh'fheárr an cuan soitheach a bhí ar an taoibh thall.
"Ó," adeir sé, "tabhair a rogha do'n bhadach agus glacfaidh sé an díogh' (=díogha): béidh an taobh thall agam," adeir sé.
"Maith go leor," arsa Fionn. "Maise," adeir sé, "slan agat, a Fhinn mhic Chumhaill."
"Maise," adeir Fionn, "go seacht soirbhighe an Rí duit."
D'imthigh sé uatha agus ní fhacaidh siad é ní ba mhó.
14. I gcionn an lae agus na haimsire thainic ceo fá gheasaibh droma draoidheachta agus seachrán sealg, agus níor fágadh aon chleite nó cluimh le cheile d'Fhiannaibh Éireann acht Fionn agus Conán. Bhí siad ag siubhal le chéile go dtainic neóin bheag agus deireadh an lae ortha. D'amharc Fionn, agus chonnaic sé fear ag tarraingt air sin an cheo.
"'Siud fear ag tarraingt orainn," adeir sé, "agus má's ag teacht a chuidiughadh linn atá sé is feárrde dúinn é, agus má's i n-ar n-éadan atá sé is misde dúinn é."
"Och, do dhuadh is do dhothairne ort," adubhairt Conán, "ná nach h-olc an bheirt nach rachadh aca ar aon fhear amháin?"
"Is fíor sin," adubhairt Fionn, "acht níl dóigh air bith as feárr a mbéidh 'fhios againn air ná muid (=sinn), amharc fríd ar méaraibh."
Bhí 'fhios ag Fionn go rabh an bhuaidh sin ag Conán, lá air bith a d'amharcfadh sé fríd a mhéaraibh go bhfuigheadh sé buaidh ar sheacht gcatha na Féinne go h-uile.
D'amharc siad fríd a méaraibh, agus ní fhacaidh siad acht aon fhear amháin.
15. Níor bh'fhada gur ghluais chuca an gruagach donn deallruightheach, cóta gearr glas fá mheall a mhásaí, agus a shean-sgiath mheirgeach leis ar bhacán a láimhe agus bhí a chlaidheamh úr, soillseach, crochtaí (=crochta) le n-a thaoibh.
Bheannuigh sé d'Fhionn mhac Cumhaill ins na briathraibh a bhí coitchionnta 'san am sin, agus d'fhreagair Fionn é mar an gcéadna.
"Cá bhfuil do thriall, an misde díom a fhiafraighe?" arsa Fionn.
"Ní misde, maise, leóga," adeir sé, "tá mé air lorg maighistir. Chualaidh mé nár eitigh tusa aon fhear ariamh fá thuarasdál bliadhna."
"Níor eitigh," arsa Fionn, "agus ní rabh mé i n-anás buachalla ariamh comh mór agus tá mé, de bhrígh dó nach bhfuil aon fhear le chéile acht mé fhéin agus Conán annseo."
"Fóil, fóil," arsa Conán, "ná deán níos mó cainte leis an ghruagach."
"Cad uime sin?" arsa Fionn.
"Ná nach n-aithnigheann tú mise agus Oscar, agus Oisín, agus Diarmaid, agus Fiachna mhac Fhinn, agus Inse mhac Suibhne Shealg'?"
"Cad chuige nach n-aithneóchainn mo bhunadh fhéin?" arsa Fionn.
"Cad chuige nach n-aithnigheann tú an Miodhgach mhac Colgna a chaith seacht mbliadhna ar d' urlár?"
16. "Do dhuadh is do dhothairne ort," arsa an Miodhgach; "nach seo an t-ádhbhar a rabh mé duit ariamh, a Chonáin, nach rabh foighid ar bith agat. Cha dtiocfadh leat a bheith in do thost go mbainfinn tamall cuideachta amach as Fionn annseo." "Bheirim briathra, maise," arsa Conán, "má's mó cuideachta ba chóir dó a dheánamh leat nó mío-chuideachta. Ba í do chuideachta-sa fhéin a chuideachta gan suim. Tá sé seacht mbliadhna agus an t-am seo ó thug sinne cúige d' Éirinn, mar chongnamh beatha duit, agus ní thearn muid (=sinn) oiread agus seilg aon mhíol-mhuighe amháin ar do chuid talaimh, leisg an oiread sin trioblóide nó buaidheartha a thabhairt duit. Agus ní thug tú ó shoin cuireadh míosa, cuireadh seachtmhaine, nó cuireadh lae dúinn."
"Do dhuadh is do dhothairne ort," ars' an Mhiodhgach "nach seo an t-ádhbhar a rabh mé duit ariamh, nach rabh foighid ar bith agat, ná nach rabh 'fhios agat nuair a chuaidh mise annsiud go rabh mé beó bocht, agus nach rabh bealach ró-mhaith orm. Acht anois, nuair a fuair me os a chionn, tá mé 'teacht le cuireadh chugaibh go léir go cionn lae agus bliadhna."
"Bheirim briathra," arsa Conán, "gur mór an gar anois fhéin é, ó tharlaidh gur smaoi'tigh tú air."
"Is buaidheartha trioblóideach mar tá sin agam-sa," arsa Fionn, "gan cleite no cluimh le chéile d' Fhiannaibh Éireann acht mé fhéin agus Conán annseo."
"Is maith eolach mise," ar sé, "ar an dóigh ag cruinnigheann tú iad [cor. a chruinnigheas tú iad?]. Seinn an dórd Fianna, agus béidh siad uilig cruinn agat roimh an mheadhon lae i mbárach."
17. Sheinn siad an dórd Fianna, agus bhí siad ag cruinniughadh 'na gcaogadaibh agus i n-a leath-chaogadaibh go dtí go rabh an t-iomlán cruinn roimh an mheadhon lae lá ar na bhárach.
Chuir Fionn sgéala fríd na fearaibh ag innsigh dóbhtha goidé mar bhí, agus bhí gach aon aca sásta go maith ar a chul (=dhul) a chathamh na cuirme.
"Anois," ars' an Miodhgach, "ná fanadh fear ar bith, ná níl 'fhios agam-sa cé a bhfuil mé níos feárr dó nó níos measa, de bhrígh dó, go rabh siad uilig comh maith damh. Anois," adeir sé, "tá bruidhean agam-sa ar muir, agus tá bruidhean agam ar tír, agus ins an bhruidhin atá ar muir a ghléastar an biadh, agus ins an bhruidhin atá ar tír a chaithtear é. Má's luaithe bhéas mise annsin ná [bhéas] sibhse béidh an biadh leagtha agam fá mbur gcoinne, agus má's luaithe bhéas sibhse ann ná [bhéas] mise deánaigidh moill, agus is gearr go rabh mise agaibh."
"Maith go leor," adubhairt Fionn, "bí ar shiubhal."
18. Ghléas na Fianna ortha tarraingt ['un]na cuirme. Nuair a chuaidh siad fhad le teach na cuirme, "'Bhfuil sibh uilig ag dul isteach?" arsa Conán.
"Tá, goidé a bhéadh orainn gan a chul (=dhul) isteach," arsa Fionn.
"Bheirim briathra, maise, má's mar sin a dheánfainn-se," arsa Conán.
"Goidé dheánfá, thusa, a Chonáin?" arsa Fionn.
"Maise, an Miodhgach mhac Colgna," arsa Conán, "ar mharbh tusa a athair, a shean-athair, a shlighe, agus a sinsear, b'fhéidir gur bruidhean fhola agus dún marbhtha a tá innti seo, agus sílim-sa gur bh'fheárr do chuid de na fearaibh a chul (=dhul) go h-Almhain Laighean agus a choimheád dúinn go lá."
"Bheirim briathra, a Chonáin, gur fíor duit," arsa Fionn.
19. Chuir Fionn sgéala fríd na fearaibh ag innsigh dóbhtha goidé dubhairt Conán, agus dubhairt gach aon aca gur bh'fhíor do Chonán a chaint.
"Anois cé gheobhasmuid a rachas ann?" [arsa Fionn].
"Rachaidh mise," arsa Oisín.
"Rachaidh mise," arsa Oscar.
"Rachaidh mise," arsa Fiachna mhac Finn.
"Rachaidh mise," arsa Inse mhac Suibhne Shealg.
"Rachaidh mise," arsa Diarmuid Ua Duibhne.
"Rachaidh mise," arsa Fatha Canann mhac na Cuin.
"'Bhfuil duine ar bith ag dul acht iad siud," [arsa Fionn].
Ní rabh : níor labhair duine ar bith eile.
"A Chonáin, nach bhfuil tú ag dul leóbhtha?" arsa Fionn.
"Bhearad fhéin briathra má tá," arsa Conán.
"Agus chan eadh nach rachainn, acht mur rabh an chuirm in mo shásamh go dtí go ndeánfaidh mé í dith-cháinte."
20. Chuaidh siad go h-uile isteach i dteach na cuirme. [cor. ,?] acht an seisear a chuaidh go dtí Almhain Laighean. Ar a chul isteach dóbhtha bhí seacht ndoirse ar an bhruidhin sin, a bhfuigheadh seacht gcatha na Féinne isteach ar an doras amháin aca.
Bhí toirt Theamhrach teineadh faduighthe i gceart lár na bruidhne, a bhfuigheadh seacht gcatha na Féinne cead suidhe go h-uile fá dtaoibh duithe.
Bhí brat de shíoda shleamhain bhuidhe sreathnuighthe i n-urlár na bruidhne le sasamh cuirp agus codlata a thabhairt do'n té a rabh an t-éadach fliuch ó'n lá air, a bhaint de, agus a chroiceann a leigint leis an tsíoda shleamhain bhuidhe. Ní rabh aon mhaide ins an bhruidhin nach rabh (ag) tabhairt báirr deise agus deilbhe ar an mhaide eile.
21. Luigh siad thart, agus thuit siad uilig 'na gcodladh. Níor bhfada gur mhusgail fear amháin aca, agus dubhairt sé, "A fheara, (=fhir) 'tchím-sa athrughadh mór ag teacht ar an bhruidhin seo. Ag teacht isteach dúinn anocht bhí seacht ndoirse ar an bhruidhin seo, a bhfuigheadh seacht gcatha na Féinne isteach ar gach aon doras aca, agus anois níl uirthi acht aon pholl beag amháin, ar an dtaoibh ó thuaidh, a mbéadh obair agam fhéin 'fhághail amach air."
"Bheirim briathra," arsa fear eile, "go bhfeicim athrughadh comh mór leis sin. Ag teacht isteach dúinn annseo anocht bhí toirt Theamhrach teineadh faduighthe i gceart lár na bruidhne, a bhfuigheadh seacht gcatha na Féinne fá dtaoibh dí, agus anois níl uirthi acht trí fhód spadair."
"Bheirim briathra," arsa fear eile, "go bhfeicimsa athrughadh comh mór leis sin. (Ag) teacht isteach dúinn annseo anocht bhí brat de shíoda shleamhain bhuidhe sreathnuighthe ar urlár na bruidhne, agus anois ní fuaire 'ná an leac oidhre gach ball de mo bhallaibh dá mbaineann leis an urlár fhuar."
"Bheirim briathra," arsa fear eile, "go bhfeicim-sa athrughadh comh mor le ceachtar aca. (Ag) teacht isteach dúinn annse anocht ní rabh aon mhaide ins an bhruidhin nach rabh ag tabhairt báirr deise agus deilbhe ar an mhaide eile, agus anois níl sí ach ceangailte le sean-chleathachaibh dubha caorthainn."
22. "Is fíor é," arsa gach aon fhear.
"Bruidhean fhola agus dúnmharbhtha atá annti. Lámh luath lámh thapaidh : fághaidh mur gcuid airm agus mur gcuid éididh ; gearraigidh an bhruidhean ar an taoibh agus bígidh amuigh."
Thug gach aon fhear lámh luath lámh thapaidh fá n-a chuid airm agus a chuid éididh ; acht i n-áit mar bhí sin dó, bhí siad-san cúl-cheangailte do'n talamh.
Leig gach aon fhear aca grág mór caointe as. "Is náir damh-sa gol," arsa Goll : "tá mé fá fhad buille do'n doras, agus ní leigfidh mé aon fhear isteach gan a dheánamh a dhithcheannadh go dtí go bhfuigh' mé bás de'n ocras."
Annsin labhair Conán : "ná deán thusa mar sin, acht (a Fhinn mhic Chumhaill), cuir do órdóg fá do fhiacail, can fíor agus na deán bréag, agus aithris dúinn goidé tá le héirghe dúinn faoi mhaidin."
23. Chuir Fionn an órdóg fá n-a ghiall ; chogain sé í ó fheóil go fuil, ó fhuil go snámh, ó chnámh go smior, agus ó smior go smaois. Ag cognadh na h-órdóige dó leig sé grág mór caointe as.
"Tá dúil agam," arsa Conán, "gur aon de na deagh-labhartha atá ionnam, gurab é nimhnideas (=nimhneachas) do mhéir a bheir ort a léithid de ghrág do chur asat."
"Bheirim briathra, má 's é," arsa Fionn. "Cé gur mór a chuirfeadh sé orm lá de mo shaoghal m'órdóg a chognadh is beag a chuirfeadh sé orm anocht, de bhrígh dó go mbéidhmíd uilig gan cheann faoi mhaidin."
24. "Cad uime sin?" arsa Conán.
"Tá," arsa Fionn, "an Miodhgach mhac Colgna, ar mharbh sinn a athair, a shean-athair, a shlighe agus a shinnsear, tá sé annsiúd, a chúig céad déag fear leis leis na cinn a bhainnt duínne.
Tá Corran Cath-Mhílidh Lámh-ghaisgidheach mhac an Domhain, agus cúig céad déag fear leis, leis na cinn a bhaint duínne.
Tá Rí an Domhain ann, agus deich míle fhichead fear leis, leis na cinn a bhaint duínne.
Tá mac Ríogh an Domhain ann, agus cúig céad déag fear leis, leis na cinn a bhainn duínne.
Tá trí rí Inse Tuile ann, agus cúig céad déag fear le gach aon fhear aca, leis na cinn a bhaint duínne.
Is iad-san a cheangail inn annseo le pisreógaíbh agus le draoidheacht, agus a Chonáin mhic Móirne," ar sé, "an lá ba treise bhí sinne i n-Almhain Laighean ariamh ar sáith bhearfadh sé dhúinn sin a dheánamh chan é amháin anocht, nuair atámuid cúl-cheangailte do'n talamh."
"Bheirim briathra," arsa Conán, "dá mbéadh sinne sgaoilte, gur beag dá bhárr a bhéadh aca."
"Bhfuil fhios agat," arsa Conán, "goidé dheánfas tú a Fhinn? Seinn an Dórd Fianna, agus an seisear atá i n-Almhain Laighean b'fhéidir go gcluinfeadh siad é agus go gcoimheádfadh siad dhúinn go dtí go dtarfadh an lá i mbárach; ná ba bheag a b'fhiú liomsa mé a mharbhadh ins a' lá le taoibh mé a mharbhadh ins an oidhche."
25. Annsin sheinn siad an Dórd Fianna, agus chualaidh an seisear a bhí i n-Almhain Laighean iad.
"A thíghearna!" arsa Fatha Canann, "is mise an duine mío-fhortunach nuair a thainic mé annseo anocht: tá siad anois ag seinm an Dóird Fianna le spóirt agus le pléisiúr dóbhtha fhéin, i ndiaidh a sáith a ithe is a ól."
"Níl 'fhios agam," adeir Oisín, "goidé déarfainn-se fá dtaoibh de sin. Tá mé iongantach buaidheartha in m'intinn, agus ní bhéidh suaimhneas agam go dtí go bhfágha' mé beirt agaibh a bhearas sgéala chugam goidé mar tá siad ag dul ar aghaidh annsin. Cé a gheobhas mé a rachas ann agus a bhearas sgéala chugam?"
"Gheobhaidh tú mise," arsa Fiachna mhac Finn.
"Gheobhaidh tú mise," arsa Inse mhac Suibhne Shealg.
"Mo bheannacht libh," arsa Oisín, "agus bígidh ar shiubhal."
26. Nuair a thainic siad go Bruidhin Chaorthainn mhothuigh Fionn truisleadh amuigh.
"Cé siud atá amuigh?" ar seisean.
"Mise, Fiachna mhac Fhinn, do mhac."
"Bheirim buaidh agus biseach a mhic, gur bheag mo chuid d'Éirinn gur éirigh mo chlann, agus anois is mór mo chuid d'Éirinn ó d'éirigh mo chlann. Bí ar shiubhal go broinn an átha, agus is gearr go bhfeicfidh tú drong ag teacht leis na cinn a bhaint duínne."
"Goidé an chiall as sin sibh-se a bheith istoigh annsin?" (arsa Fiachna mhac Finn), agus d'innis Fionn dó mar tharlaidh dóbhtha.
27. D'imthigh sé fhéin agus Inse mhac Suibhne Shealg' go broinn an átha.
"Anois," adeir sé, "fan thusa annseo go dtéidh mise go Bruidhin an Oileain, go dtí go bhfeicfidh mé goidé an gléas báis atá dúil aca a chur ar m'athair, agus ná leig thusa fear ar bith tharad annseo gan a dhéanamh a dhithcheannadh go dtí go dtara mise aríst."
Chuaidh sé go teach na cuirme chuca, agus rinne sé é fhéin comh beag is thainic leis, agus bhí sé ag éisteacht leó.
"A thighearna!" adeir an Miodhgach mhac Colgna, is fada atá Corran Cath-Mhílidh, lámh-ghaisgidheach mhac an Domhain amuigh gan cinn Fhinn mhic Chumhaill agus a dhreama a thabhairt chugainn. Acht is ag éisteacht le sean-choraidheacht Fhinn mhac Chumhaill atá sé, cé gur maith an sean-mhadadh é [de] gheall ar tamallt de'n oidhche chur thart. Acht dá muirbhfeadh sé a athair agus a shean-athair, a shlighe agus a shinnsear, is beag éisteacht a dheanfadh sé le n-a chuid sean-choraidheacht. Acht caithfidh mé fhéin agus mo chúig chéad déag fear a chul go dtugamuid linn na cinn.
28. D'aithin annsin Fiachna mhac Finn go dtearn sé fhéin faillighe. Léim sé amach agus as go bráth leis. Níor bhfada a chuaidh sé gur casadh an fear mór dó.
"Cá rabh tú a ghiolla mhóir?" arsa Fiachna.
"Bheirim briathra," ar seisean, "go rabh mé i mullach na mío-fhortuine, mé fhéin agus mo chúig chéad déag fear chul amach anocht i dtús an tsluaigh, agus gur casadh an caol-ógánach beag amháin orm thíos adaidh, agus thuit mo chúig chéad déag fear leis."
"Cad chuige nár thuit tú féin leis?"
"Tá ádhbhar maith," ar seisean.
"Dá dtiocfainn air i dtús an tsluaigh thuitfinn leis comh maith le fear éighinteacht eile, acht thainic mé air i ndeireadh an tsluaigh nuair a bhí sé imdheargtha agus gan aige acht lán a dhoirn de bhrollach a sgéithe, agus mar ba mé lámh-ghaisgidheach mhac an Domhain bhain mé an ceann de.
29. "Ba dhóichthe liom dá mbainfeá an ceann de go mbéadh cuid éighinteacht dá chúig chosamhlacht leat," arsa Fiachna mhac Finn.
"Ní thig liom cosamhlacht ar bith a bheith liom níos mó ná an ceann," ars' an fear mór, ag tarraingt aniar an chinn agus 'gá thai'seann dó, agus nuair a chonnaic Fiachna ceann a chomrádaidhe líon na súile air.
"Chan fhuil 'fhios agat cé 'bhfuil tú ag tais'eann a chinn dó," arsa Fiachna mhac Finn.
"Chan fhuil fhios agam," adeir an fear mór. "Nach do dhream i mbruidhin an oileáin thú?"
"Bheirim briathra má 's eadh," arsa Fiachna mhac Finn, "acht de dhream Fhinn mhic Chumhaill mé," ar seisean "agus mur treise leat nó liom imeallfaidh cúl cnámh do chinn bás mo chomrádaidhe."
Thoisigh an cath eadar é fhéin agus an fear mór agus char bhfada gur bhain Fiachna mhac Finn an ceann de. Chuir sé a chlaidheamh i bhfastódh i dtaoibh an leacan, agus níor stad sé go rabh sé ag Bruidhin Chaorthainn.
30. "Cé siud amuigh?" arsa Fionn.
"Mise Fiachna mhac Finn, do mhac."
"Cé siud," arsa Fionn, "a gcuala mé gáir na mbadhbhdhún os cionn an chuain, agus osnadh na bhfear, ag sgara'int a n-anama leis an chorp?"
"Tá, do dhalta is mó thug é," arsa Fiachna mhac Finn.
"Goidé mar tá mo dhalta dhá chionn?" arsa Fionn.
"Tá, gan anam," arsa Fiachna mhac Finn.
"Bheirim buaidh agus biseach," arsa Fionn, "cé gur mór a chuirfeadh sin orainne lá d'ár saoghal is beag a chuirfidh sé orainn anocht, de bhrígh go mbéidh an t-iomlán againn gan chionn faoi mhaidin. Agus imthigh anois go broinn an átha, agus is gearr go bhfeicfidh tú drong ag teacht níos tréine ná iad sin, leis na cinn a bhaint duínne."
31. D'imthigh sé go broinn an átha, agus ag dhul annsin dó bhí an Miodhgach mhac Colgna taobh thall de'n deán agus a chúig chéad déag fear fhéin leis.
"Ná tarraigidh níos faide," arsa Fiachna mhac Finn.
"Cé siud?" ars' an Miodhgach, "a gcluinim a ghlór borb, agus a bhfeicim ins na léinti' dearga?"
"Is maith an fhiafraighe," arsa Fiachna mhac Finn, "acht an té gheobhthar 'na sheasamh os cionn a ghníomh' ar chúl chnámh a chinn fhéin is cóir é a dhíolt as."
"Is fíor é," ars' an Miodhgach: "gearraigidh an t-áth ar an rógaire, agus tabhairigidh anall a cheann chugam."
Ní eagla nó uathbhás a ghlac Fiachna mhac Finn romhpa, acht teannadh i n-a n-éadan agus i n-a n-aircis. Thoisigh sé ortha go h-ainbhfiosach láidir.
Shuidh an Miodhgach 'ac Colgna ar ardán ag coimheád air, go rabh deireadh marbh aige go dtí é fhéin.
"Is buaidheartha trioblóideach seo," arsa mac an ríogh: "dá dtiocfá orm-sa i dtús an tsluaigh ní bhéadh beann ar bith agam ort acht oiread le fear éighinteacht eile aca seo. Acht anois tá tú ag teacht orm nuair atá mé imdhearghta, agus gan agam acht lán mo dhoirn de bhrollach mo sgeithe."
"Bhí 'fhios agamsa sin lán go maith," ars' an Miodhgach.
32. Ins an am seo an ceathrar a bhí i n-Almhain Laighean dubhairt Oisín leóbhtha gur mhaith leis go rachadh beirt aca go Bruidhin Chaorthainn agus sgéala a thabhairt chuige goidé mar tharlaidh dóbhtha.
"Cé gheobhas mé a rachas ann?" arsa seisean.
"Cé gheobhthá," arsa Diarmaid, "acht mise agus Oscar?"
"Acht i n-a dhiaidh sin is uilig," ar seisean, "ní fhóghnóchadh sé damh-sa Oscar a thabhairt uait agus tusa 'fhágáil i muinighin Fatha Canann; acht is feárr liom Fatha Canann a theacht liom ná tusa a fhágáilt i n-a mhuinighin."
33. D'imthigh sé fhéin agus Fatha Canann annsin, agus dubhairt se nach mbéadh sé i bhfad go dtabhradh sé sgéala ar ais chuig' Oisín.
Nuair a thainic siad ar amharc bhroinne an átha chonnaic siad an talamh cumhdaighthe leis na corpaibh, gan aon duine beo le feiceáil aca acht mac an ríogh agus an Miodhgach mhac Colgna agus iad ag troid.
"Níl aon duine a chuaidh amach anocht nach bhfuil marbh acht mac an ríogh," arsa Diarmuid. "Siud anois é fhéin agus an Miodhgach mhac Colgna le chéile, agus níl mac an ríogh i n-innibh [cor. i n-innimh] buille a chosnamh , chan é amháin buille a bhualadh, agus béidh sé marbh sul a rabh muid aige," arsa Diarmuid.
"Béidh gan amhras," arsa Fatha Canann.
34. "Ó a Dhiarmaid, a Dhiarmaid," arsa Fatha Canann, "bhí an t-urchar díreach ariamh agat; cuir do mhéar faoi imeall do shleagha agus caith an t-sleagh agus b'fhéidir go muirbhfeá an Miodhgach mhac Colgna."
"Há, do dhuadh is do dhothairne ort," arsa Diarmaid, "seo an t-ádhbhar a rabh mise duit ariamh, díoghbháil nach rabh tú 'do ghaisgidheach ró-mhaith ariamh. Goidé 'fhios agat dá gcaithfinn an t-sleagh nach mb'fhéidir gur ab é mac an ríogh a mhuirbhfinn?"
"Bheirim briathra, maise, dá mair'theá (=mairbhtheá) fhéin ní bhéadh aon dhuine le n-a innseach ort acht mise, agus ní innseóchainn ort ó indiú go dtí lá mo bháis."
Le méad an rosca fileadh rinne sé do Dhiarmaid, chuir sé a mhéar faoi imeall a shleagha agus chaith sé í, agus chuid sé comh-fhad roimhe agus i n-a dhiaidh fríd an Miodhgach mhac Colgna duíthe.
"Is maith a aithnighim an t-sleagh sin," ars' an Miodhgach; "sin sleagh Dhiamada Uí Dhuibhne," ar seisean.
"Ná marbh mac an ríogh go rabh muid agat," arsa Diarmaid, "agus gheobhaidh tú cumraighe d' anama mar fuair tú ariamh."
"Ó a Dhiarmuid, a Dhiarmuid," ar seisean, "'sé is trom leat do dhá chois ag tarraingt orm leis an cheann a bhaint díom. Acht anois, béidh mac an ríogh marbh agam-sa sul má rabh tú agam."
35. B' fhíor dó. Bhí se marbh aige. Ar a theacht 'un tosaigh do Dhiarmuid chaith sé an ceann de'in Mhiodhgach, chuir sé claidheamh i bhfastódh i dtaoibh a leacan, agus tarraing [cor. tharraing] sé ar Bhruidhin Chaorthainn.
"Cé siud amuigh?" arsa Fionn.
"Mise, Diarmuid Ua Duibhne."
"Bheirim buaidh agus biseach a Dhiarmuid, má bhí mé i n-aisc nó i ngéibhionn ariamh nár mhaith liom agam thú agus ní rabh mé i n-airc nó i n-géibhionn ariamh níos mó ná a bhfuil mé ann anocht, de bhrígh go mbéidh an t-iomlán againn gan chionn faoi mhaidin. Cé siud a gcuala mé gáir na mbadhbhdhún os cionn an chuain, agus osnadh na bhfear ag sgara'int a n-anama leis a' chorp?"
"Tá, do mhac is mó a thug é," arsa Diarmuid.
"Goidé mar tá mo mhac dhá chionn?" arsa Fionn.
"Tá, gan anam," arsa Diarmaid.
"An bhfacaidh tú dá mharbhadh é?" arsa Fionn.
"Chonnaic," arsa Diarmaid, ag a innsigh dó goidé mar bhí, "acht an fear a mharbh é, mar bhí, an Miodhgach mhac Colgna, seo a cheann chugat-sa anois," arsa Diarmaid.
"Bheirim buaidh agus biseach," arsa Fionn, "cé gur mór a chuirfeadh sé orainn lá d'ar saoghal duine d'ar gcuid fear a chailleadh, is beag a chuirfidh sé orainn anocht, de bhrígh go mbéidh an t-iomlán againn gan chionn faoi mhaidin."
36. "Agus goidé tá sibh-se a dheánamh istoigh annsin, a Fhinn?" arsa Diarmaid. "Támuid ceangailte do'n talamh le draoidheacht," arsa Fionn.
"Agus an bhfuil dadaidh le sibh a réidhteach?" arsa Diarmaid.
"Níl," arsa Fionn.
"Dadaidh air bith," arsa Diarmaid.
"Níl aon seort," arsa Fionn.
"Na trí eiteach agus na trí mhóid is mó tugadh air aon fhear ariamh, buille sgine nó claidhimh agus ní bhuailfidh Diarmaid in mur leith ó indiú go dtí lá mo bháis, ó tharla nach bhfuil dadaidh le sibh a réidhteach amach as sin. Rachaidh mé fhéin agus Fatha Canann annseo, agus an bheirt atá i nAlmhain Laighean, agus gleasfamuid áruis dúinn fhéin, agus béidmid réidh réidhtigh' libh ar fad. Slán agat, a Fhinn mhic Chumhaill."
"Maise go seacht soirbhighe an Rí duit," arsa Fionn, "agus is mairg atá sgara'int leat."
37. Nuair a d'imthigh Diarmuid giota ar shiubhal bhuail cumhaidh iongantach mhór air, agus phill sé ar ais, agus labhair sé le Fionn.
"Tá mé, ar ais, a Fhinn," ar seisean.
"Maise, gur maith liom sin," arsa Fionn "mur mbéinn acht tamallt ag cómhrádh leat."
"Tá," arsa Diarmuid, "'sé an rud a thug ar ais mé, má tá nidh ar bith air an domhan is é sibh a shábháil, caillfidh mise mé fhéin leis nó gheobhaidh mé é."
"Níl, maise" arsa Fionn, "acht rud nach bhfuil maith a bheith ag caint air."
"Goidé sin?" arsa Diarmuid.
"Tá," arsa Fionn, "trí rí Inse Tuile, is iad a cheangail inne annseo le draoidheacht', go dtí go ngearrthar a gcuid sceadamán sin, agus go gceapthar a gcuid fola i gcorn ríogh an domhain, agus go gcuimiltear an fhuil sin eadar sinne agus an talamh, ní thig sinn a sgaoileadh as seo."
"Bheirim briathra," arsa Diarmaid, "gur maith liom sin a chluinstin, ná caillfidh mé mé fhéin leis anois, nó gheobhaidh mé é. Slán agat a Fhinn."
"Maise go seacht soirbhighe an Rí duit," arsa Fionn.
38. "'Bhfuil tú ar shiubhal, a Dhiarmaid," arsa Conán, ag sgáirtigh taobh istoigh.
"Tá," arsa Diarmaid. "Cuirimse fá gheasaibh droma draoidheachta thú, do cheann agus do chosa agus do chongnamh beatha fhéin a bhaint díot-sa, mur dtugaidh tú greim chugamsa a íosfas mé, nó is beag is fiú liom-sa mé a mharbhadh le taoibh mé bás a fhághail leis an ocras."
Thug gach aon aca iarraidh ar Chonán, agus d'iarr siad air na geasrógaí a bhaint de Dhiarmuid.
"Cha bhainim," ar seisean, "acht iad a theannadh air."
39. D'imthigh Diarmaid agus Fatha Canann leó. Air a chul go broinn an átha dóbhtha bhí lasta báid d'fheoil bhruithte ann.
"Bheirim briathra," arsa Fatha Canann, "gur seo an áit ar furus dúinn a sháith a fhághail do Chonán."
"An sin mar dheánfá do ghnoithe?" arsa Diarmaid.
"Is eadh," arsa Fatha Canann.
"Bheirim briathra, má's mar sin a dheánfainnse é," (arsa Diarmaid).
"Cad uime sin?" arsa Fatha Canann.
"Tá," arsa Diamuid, "sin lasta d'fheóil bhruithte atá annsin, agus tá dúil aca bheith fá chathamh isteach chuig' na fearaibh 'sagainne (ag) fagháil chuideachta ortha dá sgealpeadh ó n-a chéile nuair a bhéadh ocras ortha. Agus dá dtiocfadh sé thart ins a' t-saoghal a choidhche go bhfuigheadh Fianna Éireann réidhtighthe amach as siud ní bhéadh a dhath aca le cathamh suas linne acht nach dtiocfadh linn feóil daoine marbhtha annsior ortha."
"Bheirim briatha, maise, go n-íosfaidh mise mo sháith duíthe," arsa Fatha Canann.
"Féadann tú sin," arsa Diarmuid, "acht ní íosfaidh mise aon ghreim duíthe."
"Anois," arsa Diarmuid, "fan thusa annseo, agus ná leig fear ar bith tharad gan a dheánamh a dhithcheannadh go bhfeicfidh mise goidé an gléas báis atá dúil aca a chur ar Fhionn."
"Ní leigfidh mise fear ar bith tharm [cor. tharam]," arsa Fatha Canann, "nuair a íosfaidh mé greim de'n fheóil seo."
40. D'imthigh Diarmaid annsin go broinn an oileáin, agus rinne sé é fhéin comh beag is thainic leis, agus chuaidh sé isteach. Chuaidh sé fhad leis an chócaire agus chuir sé ordóg le bun a ghéill, agus thacht sé é, agus chaith sé isteach i gcóirneál dhorcha é.
Chuir sé fhéin práisgín an chócaire air agus chuaidh se ag cócaireacht, agus bhí sé 'na chócaire comh maith is bhí ar an domhan, agus ní rabh aon ghreim maith a rabh sé 'fhághail nach rabh sé ag cur i bhfiadhnaise Ríogh an Domhain agus a mhic.
41. "Bheirim briathra," arsa Rí an Domhain, "gur fada atá an Miodhgach mhac Colgna amuigh le cinn Fhinn mhic Chumhaill agus a dhreama a thabhairt chugainn. Chan é sin a gheall an Miodhgach mhac Colgna dúinn i dtús na hoidhche, acht go mbéadh oidhche bhreágh spóirt agus pléisiúir againn nuair a bhearadh sé na cinn annseo. Bhí muid gann go leor i gcuideachta agus an t-iomlán againn a bheith i gcionn a chéile, acht ag éisteacht le sean-choraidheacht Fhinn Mhic Chumhaill atá sé, cé gur maith an sean-mhadadh é, 'gheall ar tamallt de'n oidhche a chur thart, acht caithfidh mé fhéin agus mo chuid fear a chul go rabh tamallta dá chuid sean-choraidheacht' againn comh maith le duine; agus mo chócaire bocht," ar seisean, "is é atá súighte tirim, os cionn bidh ó thainic an oidhche, agus caithfidh mé deoch a thabhairt dó as mo chorn."
"Maise," arsa Diarmaid, "ní rabh sult ariamh liom deoch a fhágháil as láimh fhir eile, go bhfághainn in mo láimh fhéin é."
42. Smaoi'tigh Diarmaid air fhéin dá mbéadh an corn taobh amuigh de'n doras aige gur bhreágh an éadáil é.
Chuir sé 'n corn faoi n-a asgaill. Sheas sé giota ar a chúl, agus thainic sé 'un tosaigh annsin, agus bhuail sé dórn ar Rígh an Domhain, agus bhris sé naoi bhfiacla i n-a chionn. Bhuail sé buille le n-a chois ar mhac Ríogh an Domhain, agus bhris sé trí asna i n-a thaoibh. Chuir sé ceithre chóirneál no braithlíne le chéile agus chaith sé an t-ualach sin ar an dhruim agus ghearr sé trí túslógaí amach ar an doras.
"Anois," arsa Rí an Domhain, "tchíonn sibh uilig goidé atá deánta, agus a thrí rí Inse Tuile, sibhse is cionntach leis seo. Dubhairt sibh linne gur cheangail sibh iad siud le draoidheacht, agus sin fear aca a bhí annsin anois, agus níl aon fhear dá dteachaidh amach anocht nach bhfuil marbh."
"M'fhocal duit-se," arsa trí rí Inse Tuile, "fear ar bith dá dteachaidh isteach go Bruidhin Chaorthainn (gur) comh-cheangailte atá sias-san do'n talamh."
"Caithfidh muid uilig a chul amach anois," arsa Rí an Domhain, "agus a chul agus caith a thabhairt dóbhtha."
43. D'imthigh Diarmaid an méid a bhí i n-a chorp go rabh sé ag broinn an átha, agus bhí Fatha Canann annsin, agus sgáth fasgaidh deánta aige de na corpaibh agus é 'na chodladh.
"Tchím," arsa Diarmaid, "(is) fear thú a bhain dúil de chabhair nó atá (Ag) dreim le cabhair a fhagháil, agus fághaidh mé annsin thú."
D'imthigh sé annsin go Bruidhin Chaorthainn.
"'Bhfuil tú annsin, a Chonáin?" ar seisean.
"Tá," arsa Conán.
"Tá greim liom anois chugat le h-ithe, dá mbéadh 'fhios agam an dóigh a dtabharfainn duit é."
"Maise," arsa Fionn, "má tá geasa air an bhruidhin taobh istoigh níl siad uirthi taobh amuigh. Gabh suas i mullach an tighe agus deán puill agus caith anuas an fheoil chugainne; agus béidh sinne dá ceapadh."
44. Rinne Diarmaid mar d'iarr Fionn air, agus fuair gach aon fhear a sháith le h-ithe.
"'Bhfuil mur sáith agaibh?" arsa Diarmaid.
"Tá," ars' gach duine aca.
"Slán agat, a Fhinn," arsa Diarmaid.
"Go seacht soirbhighe an Rí duit," arsa Fionn, "agus ní fhacaidh mé aon fhear ariamh aca a bhí comh maith leat."
"'Bhfuil tú ar shiubhal, a Dhiarmaid?" arsa Conán.
"Tá," arsa Diarmaid.
"Cuirim-sa na geasa céadna ort a bhí ort a roimhe, mur bhfághaidh tú deoch damhsa a ólfas mé; ná ba bheag a b'fhiú liom-sa bás 'fhagháil ó'n ocras le taoibh bás 'fhagháil ó'n tart."
"Tá deoch fósta liom," arsa Diarmaid, "dá mbéadh 'fhios agam an dóigh le n-a tabhairt duit."
"Luighfidh mise ar chúl mo chinn," arsa Conán, "agus aimsigh thusa mo bhéal comh maith agus thig leat."
Bhí buaidh ar an chorn deoch ar bith a sgairtfeá air gheobhthá ann é.
Chuaidh Diarmaid suas ar mhullach an tighe ós cionn Chonáin, agus bhí sé ag sárughadh air béal Chonáin a aimsiughadh. Acht ins an deireadh d'aimsigh sé é go dtí go rabh Conán ag cur na dighe amach ar a bhéal.
"Bí ar shiubhal leat anois, a Dhiarmaid," ar seisean, "agus mo sheacht mbeannacht go rabh leat."
45. Nuair a chuaidh Diarmaid 'un na trágha annsin dá dtuitfeadh biorán beag anuas as an spéir (is) ar cheann cheannphuirt nó cath-mhílidh a thuitfeadh sé. Ar feadh seacht míle ar fad agus ar leithead bhí sé cumhdaighthe le fearaibh.
Ní h-eagla ar bith a ghlac Diarmaid romhpu (=rompa) acht tarraingt i n-a n-aircis agus túsughadh ortha go h-ainbhfiosach láidir. Bhí sé ag éirighe tuirseach ins an deireadh, agus smaoi'tigh sé dá mbéadh Fatha Canann aige gur bh'fheárr é ná a bheith folamh. Chaith sé é fhéin ar an talamh, agus d'imthigh sé ar shiubhal cheithre gcos go rabh sé ag Fatha Canann, agus níor mhothuigh Fatha Canann dadaidh gur éirigh Diarmaid ins an mheannach air.
Thug Fatha Canann léim fá n-a arm agus fá n-a éideadh, agus thug se iarraidh ar Dhiarmaid.
"Goidé tá tú dhul a dheánamh?" arsa Diarmaid.
"Tá mé dhul a chuidiughadh le mo námhaid ort-sa," ar seisean, "de bhrígh go dtug tú mo náire, a bheithidhigh shalaigh."
"Thug tú fhéin do náire fhein i' do luighe in do chodladh annsin, agus mise do mo chasgairt annseo." Le méad a rosca fileadh rinne sé do Fatha Canann, chuidigh sé le Diarmaid, go h-ainbhfiosach láidir. Bhí tálach mór ag teacht ar Dhiarmaid, agus ní rabh 'fhios aige goidé a dheánfadh sé.
46. Thug sé ceithre amharc fir mhire fríd cheithre chearn an tsluaigh go bhfeicfeadh sé cá h-áit ba laige a námhaid.
Chonnaic sé trí rí Inse Tuile, agus iad 'na suidhe taobh thall de'n deán, agus trí clócaí ortha, agus iad ag gáiridhe, (ag) magadh ar Dhiarmaid agus ar Fatha Canann. Dar leis fhéin, "dá mbéinn-se thall agaibh-se ní bhéinn-se i bhfad ag cur deise oraibh-se."
Chaith sé é fhéin fá'n talamh agus leis sé air fhéin go rabh sé imdheargtha, agus rith sé ar shiubhal cheithre gcos, agus níor mhothuigh trí rí Inse Tuile gur bhuail sé trí bhuille ortha agus ghearr sé a gcuid sceadamán, agus tharraing aniar an corn agus cheap sé a gcuid fola ann.
47. Ní iarraidh ar bith a thug sé ar Fatha Canann le cuidiughadh leis acht annsoir Fhionn.
"'Bhfuil tú annsin a Fhinn mhic Chumhaill?" ar seisean.
"Tá," arsa Fionn.
"(An) rud sin a bhí tú ag rádh nach bhfuighthí go deó é tá sé liom-sa anois."
"Ná bí ag magadh orm," arsa Fionn.
"Níl mé ag deánamh magaidh ar bith ort," arsa Diarmaid.
"Bheirim briathra," arsa Fionn, "má tá sin fíor, a Dhiarmaid, go ndeánfaidh mé saidhbhir go deó thú. Anois, a Dhiarmaid," ar seisean, "má tá sin leat, cuimil an fhuil do bhonnaibh do chos, agus do chionn, do dhá láimh, agus tar isteach agus cuimil eadar muidinne agus an talamh í." Rinne Diarmaid mar h-iarradh air, agus thug sé uilig go léir amach iad.
"'Bhfuil sibh uilig amuigh anois?" ar seisean, agus is annsin a mhusgail Conán. Bhí sé 'na luighe 'na chodladh i ndiaidh a sháith a ithe agus a ól.
"Tá an fhuil uilig rithte anois," arsa Diarmaid.
"Ó a Dhiarmaid, a Dhiarmaid," ar seisean, "b'fhada an lá ó mhairbhtheá mise acht a b'é eagla roimhe Gholl. Tá 'fhios agat anois nach mbaineann sé duit de bhrígh gur shábháil tú é."
48. Nuair a labhair se mar seo le Diarmaid chuaidh Diarmaid isteach agus chuimil sé a mhéar thart do'n chorn, agus fuair a dhá láimh a chur síos faoi dhá ghualainn Chonáin, agus tharraing sé amach ó'n talamh é, gur fhág sé cuid dá chuid croicinn greamuighthe ar an urlár.
"Maise, anois," arsa Fionn le Diarmaid, "is tú a shábháil sinne ar ar mbás agus i ndiaidh a dtearn tú dúinn béidhmid uilig gan chionn go fóill."
"Cad uime sin?" arsa Diarmaid.
"Ar mhéad is a chuaidh an sioc is an síor-reodh i n-ar gcnámhaibh. Buille sgine nó claidhimh ní bhéidhmid i n-innibh a bhualadh go n-éireóchaidh an ghrian ghamh ar airde i mbárach."
"Maise," arsa Diarmaid, "fir agus mná an domhain agus bíodh siad-san i n-a seasamh uilig i n-aon láthair, buille sgine nó claidhimh ní leigfidh mise in mur gcroiceann go n-éireóchaidh an ghrian ghamh ar airde i mbárach," agus sin an focal is mó a h-ubhradh i nÉirinn ariamh.
49. Chuaidh Diarmaid annsin 'un na trágha, agus ar na chul na trágha dó, chonnaic sé Fatha Canann i measg an tsluaigh agus é 'na luighe air chúl a chinn, agus iad uilig ag tarraingt air, agus é ag sgairtigh ar Dhiarmaid. Ghlan Diarmaid bealach dó fhéin fríd na fearaibh go dtainic sé fhad le Fatha Canann, agus bheir sé air, agus thóg sé 'na sheasamh ar a dhá chois é, agus thoisigh sé fhéin agus Fatha Canann ortha, go hainbhfiosach láidir.
Ní buaidhreadh ar bith a bhí ar Dhiarmaid fá n-a bhás fhéin, acht an gealltanas a thug sé d'Fhionn.
50. Ins an am seo, an bheirt a bhí i nAlmhain Laighean labhair Oisín le Oscar agus dubhairt sé, "Caithfidh sé go bhfuil rud éighinteacht cearr, ná nach bhfuil aon duine teacht chugainn le sgéalaibh, agus caithfidh muid fhéin a chul go bhfeicfidhmid."
Ar a theacht ar amharc bhroinne an átha dóbhtha chonnaic siad an t-ár a bhí deánta.
"Níl aon duine dá dteachaidh amach anocht nach bhfuil marbh," ar seisean (.i. Oisín), "acht Diarmaid agus Fatha Canann annsiud. Agus tá cuma ar Dhiarmaid is go bhfuil sé loitthe go mór, agus tusa is guiste agus bain chugat comh tiugh is thig leat agus tabhair tárrtháil ar Dhiarmaid: tá tusa óg agus tá tú níos guiste ná mise."
51. Nuair a d'iarr sé ar Oscar seo a dheánamh rith sé, agus níos mhothuigh Diarmaid gur bhuail Oscar bos eadar a dhá shlinneán air.
"'Bhfuil siad uilig marbh?" arsa Oscar, "acht tusa agus Fatha Canann annseo?"
"Níl fear ar bith marbh go fóill," arsa Diarmaid, "acht Fiachna mhac Finn agus Inse mhac Suibhne Shealg'."
"Gabh thusa anois suas," arsa Oscar, "agus suidh ar an mhéile go rabh tamallt spóirt agat ag amharc orm-sa ag leigint mo mhéin' amach ar mo námhaid."
Ní chorróchadh Diarmaid; fuair sé an oiread sin uchtaigh nuair a bhí Oscar aige.
Thainig Oisín 'un tosuigh annsin agus an fear a d'imtheóchadh ó Dhiarmaid chasfaidhe ar Oscar é, agus an fear a d'imtheóchadh ó Oscar chasfaidhe ar Oisín é, agus an fear a d'imtheóchadh ar Oisín chasfaidhe ar Fatha Canann é.
Bhí siad ar an dóigh sin gur éirigh an ghrian ghamh ar airde.
52. "Maise," arsa Goll mhac Móirne, "is mise an duine mí-fhortunach a ráidhteas [cor. ráidhtear?] dó go bhfuil sé le cathamh suas ag Diarmaid liom gur ab é a shábháil ar mo bhás mé, an rud is é," ar seisean; agus annsin chuaidh sé fhéin 'un na trágha agus lean an chuid eile de na fearaibh é. 'Sé an t-arm a ghlac Goll mhac Móirne órd mór i ngach aon láimh dá chuid agus bheir sé greim ar Dhiarmaid eadar a dhá láimh, agus d'fhág sé 'na shuidhe shuas ar mhéile é.
"Anois," adeir sé. "Bí thusa ag amharc orm-sa ag leigint mo mhéin' amach air mo námhaid."
Thug sé iarraidh 'un tosuigh agus sitheadh dá dtabhradh sé mhairbhfeadh sé deich gcloigne, agus sitheadh eile dá dtabhradh sé mhairbhfeadh sé dhá fhear dhéag.
53. Leis an scéal fada a dheánamh goirid ní rabh aon chleite nó cluimh d'ar fhág Críocha Lochlann nár mharbh sé iad, agus nach dtearn sé éadáil dá gcuid óir agus airgid.
Annsin ghléas siad cuirm mhór le h-ollgháirdeachas, a mhair ar feadh seacht n-oidhche agus seacht lá, agus b'fheárr an oidhche dheirionnach 'ná an chead oidhche.
Bruidhean Chaorthainn